ball
cmu (gen.sg. g.u. baill; nom.pl. ; a.i. baill; gen.pl. ; g.i. ball) 1. anatomyanatamaíocht, medicineleigheasCuid de chorp duine a bhfuil feidhm faoi leith léi, msh an croí nó na scamhóga ball coirp / ball colainne / ball den chorp / ball den cholainn baill inmheánacha baill ghiniúna 2. Is ionann ball eagraíochta, nó ball d'eagraíocht, msh cumann, páirtí polaitíochta, foireann oibre, srl, agus duine nach mór dóibh táillí a íoc nó clárú le dul isteach san eagraíocht sin, nó duine atá fostaithe ag an eagraíocht sin. ball de Chumann Lúthchleas Gael ball de na fórsaí armtha baill an pháirtí bhí sé ina bhall de cheardchumann 3. Is ionann ball grúpa, nó ball de ghrúpa, agus duine de na daoine a bhaineann leis an ngrúpa sin. Mar shampla, is ionann ball teaghlaigh, nó ball de theaghlach, agus duine den teaghlach sin. ball den phobal ball teaghlaigh / ball den teaghlach 4. Aon cheann amháin de bhailiúchán nó de liosta rudaí. Mar shampla, is ionann ball éadaigh agus píosa éadaigh. ball éadaigh ball troscáin 5. Áit ar leith tá an teach suite i mball éigin cois farraige ar fud an bhaill 6. physiologyfiseolaíochtIs ionann ball ar dhromchla agus cuid de atá difriúil leis an gcuid eile de, go háirithe cuid a bhfuil dath difriúil uirthi. ball dorcha ar an gcraiceann na baill bhána ar an ngeansaí ball gréine ar ball 1. Má deir tú go dtarlóidh rud éigin ar ball, tá tú ag rá go dtarlóidh sé go gairid. Baineann an úsáid sin leis an aimsir fháistineach amháin. beidh a fhios agat faoi ar ball déanfaidh mé ar ball é feicfidh mé ar ball thú 2. Má deir tú gur tharla rud éigin ar ball, tá tú ag rá gur tharla an rud sin tamall gairid ó shin. Baineann an úsáid sin leis an aimsir chaite amháin. bhí mé ag caint leis ar ball ar ball beag 1. Má deir tú go dtarlóidh rud éigin ar ball beag, tá tú ag rá go dtarlóidh sé gan mhoill. Baineann an úsáid sin leis an aimsir fháistineach amháin. beidh siad anseo ar ball beag 2. Má deir tú gur tharla rud éigin ar ball beag, tá tú ag rá gur tharla an rud sin píosa gairid ó shin. Baineann an úsáid sin leis an aimsir chaite amháin. chonaic mé í ar ball beag Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...