Focail chosúla :
••••

amuigh

  cmu
adverbdobhriathar 1. Úsáideann tú amuigh chun a léiriú go bhfuil duine nó rud éigin suite nó ag tarlú lasmuigh de spás nó d'áit a bhfuil taobhanna, balla nó teorainn timpeall orthu, msh seomra, foirgneamh, coimeádán, limistéar, srl, seachas laistigh díobh. d'fhan sí amuigh mar bhí an seomra plódaithe d'fhág siad an beartán amuigh ag an doras bhí sé níos fionnuaire amuigh sa halla tá mé páirceáilte amuigh ar an mbóthar 2. Úsáideann tú amuigh chun a léiriú go bhfuil duine nó rud amuigh faoin aer seachas taobh istigh d'fhoirgneamh. tá sé rófhuar le suí amuigh tá an madra amuigh fós 3. Úsáideann tú amuigh chun a léiriú go bhfuil duine tar éis imeacht óna n‑áit chónaithe chun dul ag siamsaíocht nó ag bualadh le daoine eile go sóisialta, msh i dteach tábhairne nó ag cóisir. tá sí amuigh ag cóisir bhreithlae d'fhan mé amuigh mall aréir 4. Úsáideann tú amuigh chun a léiriú go bhfuil duine tar éis imeacht ar feadh tamaill ó áit ar leith ina mbíonn siad de ghnáth, msh a n‑áit chónaithe, a n‑oifig nó a n‑áit oibre. tá sí amuigh faoi láthair, an féidir liom teachtaireacht a ghlacadh di? bhí mé amuigh nuair a bhuail siad isteach 5. Má tá an ghrian, an ghealach nó réaltaí amuigh, tá siad le feiceáil sa spéir. bhí an ghrian amuigh níl mórán réaltaí amuigh fós 6. sportspórtSa spórt, úsáideann tú amuigh chun a léiriú go bhfuil liathróid, imreoir, cos imreora, srl, thar theorainn an limistéir imeartha atá ceadaithe i gcluiche nó i spórt ar leith. tá an liathróid amuigh bhí a cos amuigh amuigh! 7. sportspórtI gcluiche nó i spórt, má tá duine nó foireann amuigh, ní féidir leo bheith páirteach a thuilleadh sa chluiche, sa bhabhta nó sa chomórtas mar gur chaill siad nó mar nár éirigh sách maith leo. tá triúr slacaithe amuigh cheana féin nuair a bheidh siad amuigh as an gcraobhchomórtas 8. Má tá scéala, ráfla, eolas, srl, amuigh, tá siad ar eolas ag daoine agus níl siad faoi rún a thuilleadh. tá na ráflaí amuigh cheana féin bhí an scéala amuigh air gur ghadaí é tá go leor eolais amuigh ansin adjectiveaidiacht 9. Is ionann an chuid amuigh de rud agus an chuid is faide amach ón lár, a bhfuil cuid eile laistigh di nó timpeallaithe aici. an balla amuigh na bruachbhailte amuigh an t‑imeall amuigh an lána amuigh an pháirc amuigh PhrasesNathanna is ... amuigh Úsáideann tú an frása is ... amuigh le breischéim aidiachta chun a threisiú gurb é an duine nó rud is fearr, measa, éasca, srl, a d'fhéadfadh tarlú nó a bheith ann atá i gceist. an rud is measa amuigh na daoine is flaithiúla amuigh an chuid is cliste amuigh díobh an fhuaim is lú amuigh ba é sin an réiteach ab fhearr amuigh é a bheith amuigh ort go ... Má tá sé amuigh ort go ndéanann tú rud éigin nó go bhfuil tréith ar leith ag baint leat, tá daoine ag ceapadh nó ag maíomh go bhfuil sé sin fíor, cé acu atá sé sin fíor nó nach bhfuil. tá sé amuigh orthu go bhfuil siad santach
Loading phrases and examples...