airigh
cmu (pr. láith. airíonn; fut. ; fáist. aireoidh; past ; caite d'airigh; cond. ; coinn. d'aireodh; vb.n. ; ainm br. aireachtáil) 1. Má airíonn tú rud éigin, tá mothúchán nó mothú fisiciúil ar leith ort. Mar shampla, má airíonn tú brónach, tá brón ort. Má airíonn tú pian, tá pian ort.transitiveaistreach d'airigh sé an fhearg ag borradh ann an fuacht a aireachtáil pian a aireachtáil níor airigh sé dada 2. Má airíonn tú rud éigin, tugann tú faoi deara nó aithníonn tú é le ceann de na céadfaí. Mar shampla, feiceann tú é le do shúile, cloiseann tú é le do chluasa, bolaíonn tú é le do shrón, srl.transitiveaistreach 3. Má airíonn tú rud éigin nó má airíonn tú rud éigin ar dhuine, tugann tú faoi deara nó aithníonn tú é, go háirithe nuair a bhíonn sé doiléir. Mar shampla, má airíonn tú go bhfuil brón ar dhuine, tá barúil agat go bhfuil brón orthu bunaithe ar d'instinn agus ar iompar nó ar chuma an duine sin.transitiveaistreach d'airigh mé go raibh faitíos ort / d'airigh mé ort go raibh faitíos ort 4. Má tá tú ag caint faoin mbealach a n-airíonn rud éigin, tá tú ag caint faoin gcáilíocht fhisiciúil a thugann tú faoi deara nuair a theagmhaíonn tú leis an rud sin, nó nuair atá greim láimhe agat air. Mar shampla, má airíonn rud éigin bog, tugann tú faoi deara go bhfuil sé bog nuair a theagmhaíonn tú leis.transitiveaistreach airíonn an mála sin trom airigh cé chomh bog agus atá an piliúr sin 5. Má airíonn tú fuaim, tugann tú faoi deara le do chluasa í.transitiveaistreach torann a aireachtáil an airíonn tú leat mé? níor airigh mé i gceart é 6. Má airíonn tú scéal nó eolas faoi rud éigin, faigheann tú amach faoin rud sin ó dhuine eile, nó ó fhoinse eile, msh an raidió, an teilifís, an t-idirlíon, srl.transitiveaistreach d'airigh sí ráfla faoi níor airigh mé trácht riamh orthu → airigh uait Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...