Focail chosúla :

acmhainn

 cmu
feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. acmhainne; nom.pl. ; a.i. acmhainní; gen.pl. ; g.i. acmhainní) 1. Is ionann an acmhainn atá agat ar rud éigin agus cé chomh maith agus is féidir leat an rud sin a dhéanamh, nó cé mhéad den rud sin is féidir leat a dhéanamh. Mar shampla, má tá acmhainn agat ar obair, is féidir leat obair mhór nó go leor oibre a dhéanamh. acmhainn oibre tá an-acmhainn ar rámhaíocht aici tá sé sin go maith ar d'acmhainn chuaigh tú thar d'acmhainn / chuir tú thú féin thar d'acmhainn 2. educationoideachas, information technologyteicneolaíocht faisnéiseIs ionann acmhainní agus ábhair a úsáideann daoine nó a chuirtear ar fáil dóibh chun tacú leo, go háirithe chun tacú leo gníomh ar leith a dhéanamh. Is ionann acmhainní teagaisc, mar shampla, agus ábhair a thacaíonn le duine teagasc, agus a dhéanann an teagasc níos éasca dá bharr sin. acmhainn oideachais acmhainní ar líne 3. Is ionann an acmhainn atá agat ar rud éigin deacair nó míthaitneamhach agus cé chomh maith agus is féidir leat an rud sin a fhulaingt. Mar shampla, má tá acmhainn agat ar an teas, is féidir leat teas mór a sheasamh sa chaoi nach gcuireann sé isteach ort. acmhainn fuachta / acmhainn ar an bhfuacht tá acmhainn ar an gcruatan aici 4. An t-airgead, an t-ioncam nó an mhaoin atá ag duine de réir m'acmhainne / ar feadh m'acmhainne níl sé d'acmhainn agat na fiacha a ghlanadh
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...