Focail chosúla :

a deich

1. Úsáidtear an frása uimhriúil a deich mar uimhir shimplí nuair a bhíonn an uimhir 10 i gceist sa chomhaireamh, in uimhreacha gutháin, i scóranna cluichí, srl. a naoi, a deich, a haon déag cén uimhir a thagann roimh a deich? uimhir a deich bhuaigh sí a deich a náid 2. mathematicsmatamaiticÚsáidtear an frása uimhriúil a deich mar mhaoluimhir nuair a bhíonn an uimhir 10 i gceist in áirimh mhatamaitice, msh suimiú, roinnt, srl. a deich agus a deich, sin fiche fiche lúide a deich, sin a deich roinn an toradh ar a deich iolraigh a dó faoina deich a ceathair faoina deich, sin daichead a deich ponc a hocht a trí / a deich pointe a hocht a trí a deich i gcumhacht a deich 3. Úsáidtear an frása uimhriúil a deich mar mhaoluimhir nuair a bhíonn an uimhir 10 i gceist in am an chloig. tá sé a deich a chlog tosaíonn sé ar a deich / tosaíonn sé ag a deich ar a deich ar maidin / ag a deich ar maidin fiche chun a deich / fiche go dtí a deich ceathrú i ndiaidh a deich / ceathrú tar éis a deich ag a deich daichead a cúig 4. unit of measurementaonad tomhais, clothingéadaíÚsáidtear an frása uimhriúil a deich mar mhaoluimhir nuair a bhíonn an uimhir 10 i gceist i méideanna nó i dtoisí, msh éadaí, bróga, uirlisí, srl. a deich a thógann seisean méid a deich a chaitheann sise bróga de mhéid a deich an bhfuil siad agaibh i méid a deich? 5. Úsáidtear an frása uimhriúil a deich mar orduimhir nuair a bhíonn an 10ú duine nó rud i sraith, ord, liosta, srl, i gceist. cuid a deich den chúrsa ag tús chaibidil a deich iomaitheoir uimhir a deich i mbliain a deich ar urlár a deich→ deich

a Deich

Úsáidtear an frása uimhriúil a Deich mar orduimhir nuair a bhíonn an 10ú monarc, impire, pápa, srl, i sraith nó in ord i gceist. Eoin a Deich→ deich
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...