Focail chosúla :
••••
a
1 Possessive adjective, 3rd person singular masculineAidiacht shealbhach, 3ú pearsa uatha firinscneach 1. Úsáidtear a chun a léiriú gur le fear nó le buachaill ar leith an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist le fear nó le buachaill ar leith. (A) le hainmneach ainmfhocail ní raibh a ghuthán leis tá a eochracha caillte aige bhí a fhuinneog oscailte níor thug sé a fhreagra fós (B) nuair a bhíonn ginideach i gceist aintín a athar uncail a mháthar cara a dheartháir beag / cara a dhearthár bhig formalfoirmeálta zip a chasóg bháistí / zip a chasóige báistí formalfoirmeálta (C) le focail a mbíonn 'cuid' rompu de ghnáth, msh: is maith leis a chuid oibre chaith sé leath a chuid airgid air nigh sé a chuid gruaige tá a chuid ama luachmhar (D) le focail a mbíonn rogha ann 'cuid' a chur rompu, msh: a chairde / a chuid cairde a dhualgais / a chuid dualgas a laethanta saoire / a chuid laethanta saoire Usage NoteNóta Úsáide 2. Úsáidtear a chun a léiriú gur le hainmhí fireann ar leith an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist le hainmhí fireann ar leith, sna struchtúir a léirítear in (A) go (D) thuas. thóg an tarbh a cheann Usage NoteNóta Úsáide 3. Úsáidtear a chun a léiriú gur le hainmfhocal firinscneach ar leith an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist le hainmfhocal firinscneach ar leith, sna struchtúir a léirítear in (A) go (D) thuas. cuir an suíochán ar a thaobh sin an seaicéad agus a admháil má chomhlíonann an bord a chuid dualgas Usage NoteNóta Úsáide Possessive adjective, 3rd person singular feminineAidiacht shealbhach, 3ú pearsa uatha baininscneach 4. Úsáidtear a chun a léiriú gur le bean nó le cailín ar leith an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist le bean nó le cailín ar leith. (A) le hainmneach ainmfhocail ní raibh a guthán léi tá a heochracha caillte aici bhí a fuinneog oscailte níor thug sí a freagra fós (B) nuair a bhíonn ginideach i gceist aintín a hathar uncail a máthar cara a deartháir beag / cara a dearthár bhig formalfoirmeálta zip a casóg bháistí / zip a casóige báistí formalfoirmeálta (C) le focail a mbíonn 'cuid' rompu de ghnáth, msh: is maith léi a cuid oibre chaith sí leath a cuid airgid air nigh sí a cuid gruaige tá a cuid ama luachmhar (D) le focail a mbíonn rogha ann 'cuid' a chur rompu, msh: a cairde / a cuid cairde a dualgais / a cuid dualgas a laethanta saoire / a cuid laethanta saoire Usage NoteNóta Úsáide 5. Úsáidtear a sna struchtúir a léirítear in (A) go (D) thuas chun a léiriú gur le hainmhí baineann ar leith an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist le hainmhí baineann ar leith. thóg an láir a ceann Usage NoteNóta Úsáide 6. Úsáidtear a sna struchtúir a léirítear in (A) go (D) thuas chun a léiriú gur le hainmfhocal baininscneach ar leith an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist le hainmfhocal baininscneach ar leith. cuir an chathaoir ar a taobh sin an chasóg agus a hadmháil má chomhlíonann an eagraíocht a cuid dualgas Usage NoteNóta Úsáide Possessive adjective, 3rd person pluralAidiacht shealbhach, 3ú pearsa iolra 7. Úsáidtear a chun a léiriú gur le daoine ar leith an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist le daoine ar leith. (A) le hainmneach ainmfhocail ní raibh a ngutháin leo tá a n-eochracha caillte acu bhí a bhfuinneog oscailte níor thug siad a bhfreagra fós (B) nuair a bhíonn ginideach i gceist aintín a n-athar uncail a máthar cara a ndeartháir beag / cara a ndearthár bhig formalfoirmeálta pócaí a seaicéid bháistí / pócaí a seaicéad báistí formalfoirmeálta (C) le focail a mbíonn 'cuid' rompu de ghnáth, msh: is maith leo a gcuid oibre chaith siad leath a gcuid airgid air nigh siad uilig a gcuid gruaige tá a gcuid ama caite (D) le focail a mbíonn rogha ann 'cuid' a chur rompu, msh: a gcairde / a gcuid cairde a ndualgais / a gcuid dualgas a laethanta saoire / a gcuid laethanta saoire Usage NoteNóta Úsáide 8. Úsáidtear a sna struchtúir a léirítear in (A) go (D) thuas chun a léiriú gur le rudaí, ainmhithe, eagraíochtaí, srl, ar leith an duine nó rud atá i gceist, nó gur le rudaí, ainmhithe, eagraíochtaí, srl, ar leith a bhaineann an duine nó rud atá i gceist. cuir na cathaoireacha ar a dtaobh bhí na capaill ag éirí ar a gcosa deiridh an bhfuil a gcaptaein roghnaithe ag na foirne go léir? Usage NoteNóta Úsáide 9. Úsáidtear a sna struchtúir a léirítear in (A) go (D) thuas chun a léiriú gur le duine aonair ar leith, nach léir nó nach sonraítear cé acu fireannach nó baineannach iad, an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist leis an duine ar leith sin. rinne duine éigin dearmad ar a gcóta Usage NoteNóta Úsáide 10. Úsáidtear a sna struchtúir a léirítear in (A) go (D) thuas chun a léiriú gur le duine neamh-dhénártha ar leith, ar mhaith leo gur le forainm iolra a dhéanfaí tagairt dóibh, an rud atá i gceist nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist leis an duine ar leith sin. an é sin an t-ainm atá ar a bpas? Usage NoteNóta Úsáide PhrasesNathanna á ... 1. verbal object, 3rd person singular masculinecuspóir briathartha, 3ú pearsa uatha firinscneachÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar fhear nó ar bhuachaill ar leith atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. beidh sí á cheistiú an bhfuil sin á ghortú? nuair a bhí sé á oiliúint ní á mholadh a bhíothas, bí cinnte de sin! 2. verbal object, 3rd person singular masculinecuspóir briathartha, 3ú pearsa uatha firinscneachÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar ainmhí fireann ar leith atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. nuair a bhí an tarbh á chlibeáil 3. verbal object, 3rd person singular masculinecuspóir briathartha, 3ú pearsa uatha firinscneachÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar ainmfhocal firinscneach ar leith atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. rinneadh damáiste don fhráma nuair a bhí sé á thógáil á ... 1. verbal object, 3rd person singular femininecuspóir briathartha, 3ú pearsa uatha baininscneachÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar bhean nó ar chailín ar leith atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. beidh sé á ceistiú an bhfuil sin á gortú? nuair a bhí sí á hoiliúint ní á moladh a bhíothas, bí cinnte de sin! 2. verbal object, 3rd person singular femininecuspóir briathartha, 3ú pearsa uatha baininscneachÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar ainmhí baineann ar leith atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. nuair a bhí an láir á clibeáil 3. verbal object, 3rd person singular femininecuspóir briathartha, 3ú pearsa uatha baininscneachÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar ainmfhocal baininscneach ar leith atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. rinneadh damáiste don dealbh nuair a bhí sí á tógáil á ... 1. verbal object, 3rd person pluralcuspóir briathartha, 3ú pearsa iolraÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar dhaoine ar leith atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. beidh sí á gceistiú tá sé á gcrá nuair a bhí siad á n-oiliúint ní á moladh a bhíothas, bí cinnte de sin! 2. verbal object, 3rd person pluralcuspóir briathartha, 3ú pearsa iolraÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar rudaí, ainmhithe, eagraíochtaí, srl, ar leith atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. nuair a bhí na seomraí á gcur in áirithe sin na coileáin atá á ndíol an bhfuil na fochoistí go léir á n-athrú? 3. verbal object, 3rd person pluralcuspóir briathartha, 3ú pearsa iolraÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar dhuine aonair ar leith, nach léir nó nach sonraítear cé acu fireannach nó baineannach iad, atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. nuair a bhíonn príomhoide nua á gceapadh againn 4. verbal object, 3rd person pluralcuspóir briathartha, 3ú pearsa iolraÚsáidtear á ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ar dhuine neamh-dhénártha ar leith, ar mhaith leo gur le forainm iolra a dhéanfaí tagairt dóibh, atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. nuair a bhíothas á n-ainmniú mar an buaiteoirLoading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...