wonder
verb
1 verb ask yourself sth TRANSITIVEI'm wondering if there's another way níl a fhios agam an bhfuil bealach eile ann, ní fheadar an bhfuil slí eile ann, ní mé an bhfuil bealach eile annshe couldn't help wondering if she was right ní fhéadfadh sí gan smaoineamh an raibh an ceart aicito wonder sth aloud rud a fhiafraí díot féin os ardhe was wondering what the noise was ní raibh a fhios aige céard é an torann a bhí annif you're still wondering what to buy mura bhfuil a fhios agat fós céard a cheannóidh tú, má tá tú fós ag déanamh do mhachnaimh faoi cad a cheannóidh túI wondered why you left bhí mé ag déanamh iontais cén fáth ar imigh tú, ní raibh a fhios agam cad chuige ar imigh tú'Should I tell her?' Séamas wondered. 'Ar chóir dom a rá léi?' a d'fhiafraigh Séamas de féin.
INTRANSITIVEit makes you wonder chuirfeadh sé ag smaoineamh thú, chuirfeadh sé ag cuimhneamh thúhe often wondered about his father is minic a chuir sé ceist air féin faoina athair, is minic a smaoinigh sé ar a athair, bhíodh sé ag machnamh go minic ar a athairI'm wondering about going fishing táim leath ag smaoineamh ar dhul ag iascach, tá mé cineál ag smaoineamh ar dhul ag iascaireachtshe'd wondered about leaving the country smaoinigh sí ar an tír a fhágáil, rith sé léi an tír a fhágáil'She'll come back.' 'I wonder!' 'Tiocfaidh sí ar ais.' 'Níl a fhios agam.'; 'Tiocfaidh sí ar ais.' 'Ní fheadar.'
2 verb asking sth politely TRANSITIVEI wonder if you could help me here? an bhféadfá cabhrú anseo liom?, an dtiocfadh leat cuidiú liom anseo?, ní fheadar an gcabhrófá anseo liom?Taispeáin iontráil iomlán
3 verb feel some doubt INTRANSITIVEI wonder about that fellow tá mé beagán in amhras faoin mboc úd, ní fheadar faoin bhfear údhe wondered about his own sanity at times ní raibh sé cinnte an raibh sé féin as a mheabhair in amanna, bhí sé in amhras an raibh sé féin ar a chiall uaireanta 4 verb feel admiration INTRANSITIVEI wondered at his singing rinne mé iontas dá chuid amhránaíochta, bhí mé faoi gheasa ag a chuid amhránaíochta 5 verb feel surprise
INTRANSITIVEthey wondered at my accent rinne siad iontas de mo chanúint, b'ionadh leo mo bhlas cainte, b'ait leo mo thuin chainteit's not to be wondered at ní haon ábhar iontais éI wondered at his bad temper ní fhéadfainn deireadh iontais a dhéanamh dá cholg, b'iontach liom a theasaí a bhí sé
TRANSITIVEI wonder that he didn't hit you cuireann sé iontas orm nár bhuail sé thú, is iontach liom nár bhuail sé thú
noun
6 noun feeling of admirationiontas masc1 ionadh masc1 she expressed great wonder at it rinne sí an-iontas deI stared at him in wonder stán mé air agus iontas an domhain orm; stán mé air, ag déanamh iontais de 7 noun sth arousing admirationiontas masc1 it's a natural wonder iontas nádúrtha atá annthe seven wonders of the world seacht n-iontas an domhainit's a technological wonder iontas teicneolaíochta atá ann, éacht ó thaobh na teicneolaíochta de is ea éit's a place of wonder áit iontach atá annthe wonders of modern life iontais na linne seothey promised us wonders gheall siad na hoirc agus na hairc dúinn 8 noun sb or sth remarkableit's a wonder to behold is ábhar iontais é, is díol iontais é, is mór is fiú é a fheiceáilhe's a wonder with computers tá sé go hiontach le ríomhairí, is iontach an fear le ríomhairí é 9 noun sb or sth popular for short timehe was a one game wonder ní raibh ann ach gaiscíoch an aon chluichea nine-day wonder comhrá naoi lá, iontas naoi láadjective
10 adjective with remarkable qualitiesiontach adj1 míorúilteach adj1 suaithinseach adj1 a wonder drug druga míorúilteachhe got a wonder score fuair sé scór iontach, fuair sé scór éachtach