An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: truce · rue · tree · trug · trace · trade · tribe · tried · trier · trike
  • EN > GA
  • GA > EN

true

1. adjective factual, correct2. adjective acknowledging sth3. adjective real, actual4. adjective genuine5. adjective faithful6. adjective straight, aligned7. adverb accurately
phrases
1 adjective factual, correctfíor adj1  c m uthat's true is fíor é sin, tá sé sin fíoris it true or false? an bhfuil sé fíor nó bréagach?, an fíor nó bréagach atá sé?what you say is true is fíor an rud a deir tú, is fíor duit, tá an fhírinne ansin agata true account cuntas ceart, cuntas cruinnit's true that he was here is fíor go raibh sé anseois it true that you're leaving? an fíor go bhfuil tú ag imeacht?, an bhfuil sé fíor go bhfuil tú ag imeacht?can it be true that she's dead? an féidir go bhfuil sí marbh?unfortunately, it's all too true faraor géar níl ann ach lomchlár na fírinne; níl amhras ar bith ann ach go bhfuil sé fíor, ar an drochuair 2 adjective acknowledging sthfíor adj1  c m uthat's possibly true but ... seans gur fíor é sin ach ...; seans go bhfuil sé sin fíor ach ...that may well be true ... d'fhéadfadh sé sin a bheith fíor ...; bíodh sé sin fíor féin ...true, she's rich, but is she happy? tá sí saibhir, gan dabht, ach an bhfuil sí sona?
Taispeáin iontráil iomlán 
3 adjective real, actualfíor adj1  c m ufírinneach adj1  c m uceart adj1  c m uthe true nature of the problem croílár na faidhbethe true value of the paintings fíorluach na bpictiúrwe've discovered this man's true identity tá a fhios againn anois cé hé an fear seo ó cheart; fuaireamar amach cé hé an fear seo, dáiríreshe showed her true self at the meeting nocht sí an fhírinne fúithi féin ag an gcruinniú, thaispeáin sí í féin ag an gcruinniúhe showed his true feelings today thaispeáin sé an rud a bhí ina chroí istigh inniu, nocht sé a raibh ina chroí inniu 4 adjective genuinefíor- prefcruthanta adj3  c m uyou're a true friend is cara dílis thú, is fíorchara thúhe's a true craftsman is ceardaí cruthanta é, ceardaí déanta atá annher true passion is literature is í an litríocht a fíorghrá, is sa litríocht atá a croí agus a hanam 5 adjective faithfuldílis adj  c m uit's important to be true to yourself tá sé tábhachtach a bheith dílis duit féinshe's true to her word déanann sí beart de réir a briathair, seasann sí lena focalthe film stays true to the book tá an scannán dílis don leabhar, cloíonn an scannán leis an leabhar 6 adjective straight, alignedfíor adj1  c m udíreach adj1  c m uthe wall wasn't true ní raibh an balla díreach 7 adverb accuratelygo díreach  c m ugo cruinn  c m uhe fired true scaoil sé go díreach
phrases

sb's aim is true

1 hit targethis aim was true d'aimsigh a urchar an sprioc, bhí a urchar cruinn 2 achieve goaltheir aim was true d'aimsigh siad an marc, bhuail siad an sprioc, d'éirigh go hiontach leo

to come true

the nightmare came true fíoraíodh an tromluíher words could come true yet b'fhéidir go dtiocfadh a cuid cainte isteach fósthe prediction came true tháinig an tuar faoin tairngreacht

to hold true

bheith fíorbheith amhlaidhthe proverb still holds true is fíor don seanfhocal go fóillthe patients are worried and the same holds true for us tá imní ar na hothair agus is amhlaidh againne é, tá na hothair buartha agus tá muid féin mar an gcéanna, tá imní ar na hothair agus ní taise dúinne é

there's many a true word spoken in jest

proverb is minic a bhíonn an magadh dáiríre

never a truer word

(also

not a truer word

) you never said a truer word! sin í an fhírinne ghlan!, sin é lomchlár na fírinne agat!

out of true

ar fiar  c m uar sceabha  c m uthe wall was out of true bhí an balla as fíor, bhí an balla cam, bhí an balla as a dhíreach

to ring true

that rings true tá cuma na fírinne air sin, tá craiceann na fírinne air sin

to speak true

literary she spoke true d'inis sí an fhírinne, dúirt sí an fhírinne

too good to be true

it sounded too good to be true bhí sé rómhaith le bheith fíor

too true!

tá an ceart ar fad agat ansin!is fíor duit!féadann tú é sin a rá!

true to form

true to form, he asked for money mar is dual dó, d'iarr sé airgeadat least she's running true to form! ar a laghad tá sí ag déanamh mar a bheifí ag súil leis uaithi!, ar a laghad tá sí ag déanamh mar is dual di!

true to life

the characters in the movie are so true to life tá na carachtair sa scannán chomh beo sin, tá na carachtair sa scannán chomh nádúrtha sin

true to your word

true to his word, he was there early mar a gheall sé, bhí sé ansin go luath

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile