An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: surge · cure · lure · pure · sire · sore · sue · surf · azure · inure
  • EN > GA
  • GA > EN

sure

adjective
adverb
phrases
adjective
1 adjective about truth, correctness of sthcinnte adj3  c m usiúráilte adj3  c m uare you sure? an bhfuil tú cinnte?, an bhfuil tú siúráilte?she knows, I'm sure tá a fhios aici, tá mé cinnte de; tá a fhios aici, táim deimhin deI was sure that I'd find the answers bhí mé cinnte go bhfaighinn na freagraíhe's sure it'll be there tá sé cinnte go mbeidh sé ann, tá sé deimhin de go mbeidh sé annI'm absolutely sure it's mine táim lánchinnte gur liomsa é, tá mé dearfa gur liomsa é, níl aon amhras orm ach gur liomsa éshe's fairly sure it was him tá sí measartha cinnte gurbh é a bhí ann, tá sí sách cinnte gurbh é a bhí ann, tá sí siúráilte go maith gurbh é a bhí annis he sure about that? an bhfuil sé cinnte faoi sin?, an bhfuil sé siúráilte faoi sin?we weren't sure if the boat would sail ní rabhamar cinnte an seolfadh an bádhe wasn't sure if it was cooked ní raibh sé cinnte an raibh sé bruite i gceartI'm not too sure what it is níl mé róchinnte cad é atá ann 2 adjective about what you know, believe etccinnte adj3  c m usiúráilte adj3  c m uif you aren't sure, don't buy it mura bhfuil tú cinnte, ná ceannaigh éshe was sure where he lived bhí sí cinnte cá raibh sé ina chónaí, bhí a fhios aici cá raibh sé ina chónaíI'm not exactly sure where to begin níl mé róchinnte cá dtosóidh mé, níl mé cinnte go baileach cá dtosóidh méI'm not sure what's going on nílim cinnte cad atá ag tarlúhe's not sure whether he'll play or not níl sé cinnte cé acu a imreoidh sé nó nach n-imreoidhI can't be sure about her ní féidir liom a bheith cinnte fúithiI'm sure of it táim cinnte de, táim deimhin de
Taispeáin iontráil iomlán 
3 adjective of your feelings, reactionscinnte adj3  c m usiúráilte adj3  c m uare you sure you're all right? an bhfuil tú cinnte go bhfuil tú ceart go leor?I wasn't sure I believed it ní raibh mé cinnte ar chreid mé éwe're less sure about the others nílimid chomh cinnte céanna faoin gcuid eile 4 adjective entirely confidentthat's one thing you can be sure of féadfaidh tú a bheith cinnte faoi sinwe can't be sure of the figures ní féidir linn a bheith cinnte de na figiúiríhe's very sure of himself tá sé an-chinnte de féin, tá an-mhuinín aige as féinshe did it sure in the knowledge that she'd be supported rinne sí é agus fios maith aici go mbeadh tacaíocht aici 5 adjective certain to take placesomething is sure to happen soon is cinnte go dtarlóidh rud éigin gan mhoillhe's sure to want a drink is cinnte go dteastóidh deoch uaidh, bí cinnte go mbeidh deoch de dhíth airshe's sure to succeed is cinnte go n-éireoidh léi; éireoidh léi, gan aon amhrashe was always sure of getting a warm welcome bhí sé cinnte go gcuirfí fáilte chroíúil roimhe i gcónaí, bhí a fhios aige go mbeadh fáilte chroíúil roimhe i gcónaíthey're sure of having a lovely day is cinnte go mbeidh lá álainn acu 6 adjective sign, way etc: definitecinnte adj3  c m uhe wouldn't look at me, a sure sign of guilt ní bhreathnódh sé orm, comhartha cinnte go raibh sé ciontach; ní fhéachfadh sé orm, comhartha cinnte ciontachtathere's no sure way of identifying it níl aon slí chinnte ann le hé a aithintit's a surer way of getting across is bealach níos sábháilte é le dul trasnawe did it in the sure and certain knowledge that no one was there rinneamar é agus sinn cinnte dearfa nach raibh aon duine ann, rinneamar é agus fios maith againn nach raibh aon duine ann 7 adjective grip, aim etc: strong, unfailingshe caught me in a sure grip rug sí greim daingean ormhe ran the company with a sure and steady hand bhí stiúir dhaingean aige ar an gcomhlachthe had a sure aim bhí urchar cruinn aige, bhí aimsiú cruinn aige
adverb
8 adverb, interjection yescinnte  c m usiúráilte  c m u'Can I open it?' 'Sure, go ahead.' 'An féidir liom é a oscailt?' 'Cinnte, ar aghaidh leat.'; 'An féidir liom é a oscailt?' 'Cinnte, coinnigh ort.' 9 adverb informal (especially US) without doubtmuise  c m um'anam  c m uar ndóigh  c m usure, it's nice to be home muise, tá sé go deas a bheith sa bhaile; is deas a bheith sa bhaile, m'anamit sure looked like you hit him m'anam go raibh an chuma air gur bhuail tú é; bhí an chuma air gur bhuail tú é, muise 10 adverb, interjection (especially US) okay, finecinnte  c m usiúráilte  c m u'Will we go now?' 'Sure, we might as well.' 'An imeoimid anois?' 'Cinnte, tá sé chomh maith againn.'; 'An imeoimid anois?' 'Siúráilte, nach bhfuil sé chomh maith dúinn?'I asked if I could come back and they said sure, anytime chuir mé ceist an bhféadfainn teacht ar ais agus dúirt siad go bhféadfainn, siúráilte, am ar bith 11 adverb (especially US) admittedlyar ndóigh  c m usure, some of the musicians are young but they're good ar ndóigh, tá cuid de na ceoltóirí óg ach tá siad go maith; nach cinnte go bhfuil cuid de na ceoltóirí óg ach tá siad go maithsure, it's illegal but who cares? ar ndóigh, tá sé in éadan an dlí ach nach cuma?
phrases

as sure as

(also

sure as

informal) 1 adverb as inevitable ascinnte dearfa  c m usiúráilte glan  c m uas sure as taxes, she'll be here siúráilte glan, beidh sí anseo; is féidir leat a bheith cinnte de go mbeidh sí anseo; chomh cinnte is atá an Cháisc ar an Domhnach, beidh sí anseo 2 as certain ascinnte dearfa  c m usiúráilte glan  c m uit's a con, as sure as I'm standing here cleas atá ann, cinnte dearfa; cleas is ea é, gan aon agó; níl aon amhras ach gur cleas atá ann

as sure as shooting

(US), informal cinnte dearfa  c m usiúráilte glan  c m u

to be sure to

bheith cinnte de gocinnte a dhéanamh de godeimhin a dhéanamh de gobe sure to bring warm clothes bí cinnte de go dtugann tú éadaí teo leat, déan cinnte de go dtugann tú éadaí teolaí leat

for sure

informal 1 for definitego cinnte  c m unobody knows for sure what happened níl a fhios ag aon duine go cinnte cad a tharlait's too early to say for sure tá sé róluath lena rá go cinnte 2 beyond disputeone thing is for sure tá rud amháin cinnteI'm not going, that's for sure nílimse ag dul, tá sé sin cinntethere's nobody living here, that's for sure níl aon duine ina chónaí anseo, níl amhras ar bith faoi sin 3 (US) in confirmationcinnte  c m ugan amhras  c m u'Will it be ready soon?' 'Yes, for sure.' 'An mbeidh sé réidh go luath?' 'Beidh, cinnte.'

to make sure

1 ensure sth happensbheith cinntedéanamh cinntecinntiú  c m udéanamh deimhinmake sure that you take it all bí cinnte go dtógann tú an t-iomlán, déan cinnte de go dtógann tú é ar fad, déan deimhin de go dtógann tú an t-iomlánmake sure it's kept clean bí cinnte go gcoimeádtar glan é, cinntigh go gcoinnítear glan éshe made sure to avoid the puddles rinne sí cinnte de gur sheachain sí na locháinhe made sure of the win with a goal in the last minute chinntigh sé an bua le cúl sa nóiméad deireanach 2 ensure sth has happened, is the casebheith cinnte decinnte a dhéanamh de  c m ucinntiú  c m udeimhnigh  c m uyou better check it to make sure b'fhearr duit é a sheiceáil le bheith cinntemake sure that the pump is working cinntigh go bhfuil an caidéal ag obair, déan cinnte de go bhfuil an caidéal ag obairshe should make sure of her facts ba chóir di a cuid fíricí a dheimhniúthey wanted to make sure of a table theastaigh uathu a chinntiú go mbeadh bord acu

sure enough

1 informal as expected, predictedceart go leor  c m ugo deimhin féinwhen he looked for it, sure enough, it was gone nuair a chuardaigh sé é, go deimhin féin, bhí sé imitheI looked back and, sure enough, there he was d'fhéach mé siar agus, go deimhin féin, bhí sé ansin 2 undeniablygan amhras  c m ugan aon agó  c m ugan aon amhrasceart go leor  c m uhe's a good boatman, sure enough is bádóir maith é, gan aon agó; is maith an bádóir é, ceart go leor; is cinnte gur bádóir maith éthat's the truth, sure enough sin í an fhírinne, gan amhras

sure thing

1 (also

sure bet

) certaintythis horse is a sure thing is cinnte go mbuafaidh an capall seo, beidh an bua ag an gcapall seo go cinntethe only sure thing is that somebody is always complaining tá rud amháin cinnte, bíonn duine éigin i gcónaí ag gearán; an t-aon rud atá cinnte ná go mbíonn duine éigin ag gearán i gcónaí
2 (especially US) of course, certainlycinnte  c m uar ndóigh  c m u'Would you keep an eye on her?' 'Sure thing!' 'An gcoimeádfá súil uirthi?' 'Cinnte!', 'An gcoinneofá súil uirthi?' 'Ar ndóigh!' 3 (US) don't mention itná habair étá fáilte romhat'Thanks for letting me know.' 'Sure thing.' 'Go raibh maith agat as é a rá liom.' 'Ná habair é.'

to be sure

1 admittedlycinnte  c m ugan aon agó  c m ushe has flaws, to be sure, but she's okay tá a cuid lochtanna uirthi, cinnte, ach ní hí is measa; níl sí gan locht, ar ndóigh, ach tá sí ceart go leoryes, to be sure, that's a problem sea, cinnte, is fadhb é sin 2 without any doubtgo cinnte  c m ugan amhras  c m ugan aon agó  c m ugo deimhin  c m uhe's a bad man, to be sure is cinnte gur drochdhuine é; drochdhuine is ea é, gan amhras; is drochdhuine é, gan aon agó

Iontrálacha Gaolmhara

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile