spare
adjective
1 adjective available to replace sthbreise gs as adj spártha adj3 I have a spare key tá eochair bhreise agamtake spare clothes with you tabhair éadaí breise leat, tabhair athrú éadaigh leat 2 adjective extra, left overle spáráilsa bhreis breise gs as adj le cois do you have a spare copy? an bhfuil cóip le spáráil agat?I don't have any spare cash níl airgead ar bith le spáráil agam, níl aon airgead le cois agamTaispeáin iontráil iomlán
3 adjective vacantfolamh adj the driver had a spare seat bhí suíochán folamh ag an tiománaíthere was a spare place on the course bhí áit fágtha ar an gcúrsa 4 adjective unused, availablebreise gs as adj she has a spare room tá seomra breise aici 5 adjective timesaor adj1 I don't have much spare time ní bhíonn mórán am saor agamwhat does he do in his spare time? cad a dhéanann sé mar chaitheamh aimsire? 6 adjective lean, thincaol adj1 tanaí adj3 seang adj she was a tall spare woman bean ard chaol a bhí inti 7 adjective simple and elegantlom adj1 the design is very spare tá an dearadh an-lom
noun
8 noun spare part, replacementpáirt bhreise páirt spártha he brought spares thug sé cinn bhreise leisthey sell spares for mowers díolann siad páirteanna breise do lomairí féir, díolann siad páirteanna do lomairí féir 9 noun AUTO wheelroth breise roth spártha 10 noun extra oneceann breiseceann sa bhreisceann le coisdoes anyone have a spare? an bhfuil ceann breise ag duine ar bith?verb
11 verb time: make available TRANSITIVEcaith verb tabhair verb spáráil verb he can't spare the time níl an t-am aige, níl an t-am le spáráil aigecan you spare us a few days? an bhfuil cúpla lá le spáráil agat dúinn?I could spare a few hours a week on it d'fhéadfainn cúpla uair an chloig sa tseachtain a chaitheamh leis 12 verb have enough to give some away TRANSITIVEif you can spare the money má tá an t-airgead le spáráil agat 13 verb have, make available TRANSITIVEspáráil verb can you spare Seán for a while? an dtig leat Seán a spáráil ar feadh tamaill?, an féidir leat déanamh gan Seán ar feadh tamaill?, an bhféadfá déanamh d'uireasa Sheáin ar feadh tamaill?he spent every minute he could spare studying chaith sé gach nóiméad a bhí saor aige ag staidéar, chaith sé gach bomaite a bhí le spáráil aige ag staidéarshe had no time to spare for sport ní raibh aon am le spáráil aici don spórt 14 verb withhold TRANSITIVEspáráil verb she spared no effort rinne sí a míle dícheall, bhí sí ar a mine ghéireno expense was spared on the dress ceannaíodh an gúna beag beann ar chostas 15 verb save sb from sth TRANSITIVEspáráil verb I'll spare you the details ní rachaidh mé isteach go mion sa scéal, ní rachaidh mé i bhfad scéil leisspare me the details tá do dhóthain ráite agat, caith uait é mar scéalspare us from evil sábháil muid ar an olcspare me the sermon fág uait an tseanmóirhe was spared a jail sentence sheachain sé seal príosúnachta 16 verb from damage, death, etc TRANSITIVEspáráil verb the army spared the old church spáráil an t-arm an tseaneaglais, níor bhac an t-arm leis an tseaneaglais, d'éist an t-arm leis an tseaneaglaisI'll go next year if I'm spared rachaidh mé an bhliain seo chugainn más slán beo méshe spared his life lig sí a anam leis, lig sí a bheo leis 17 verb go easy on TRANSITIVEspáráil verb she didn't spare herself níor spáráil sí í féin