same
adjective
1 adjective identicalcéanna adj3 Paul said the same thing dúirt Pól an rud céannathat's the same woman sin í an bhean chéannathe same meal as last time an béile céanna a bhí agam an uair dheiridhI'm on the same flight as you táimse ar an eitilt chéanna leathe has the same name as me tá an t-ainm céanna air liomsashe's the same age as me tá sí ar aon aois liom, táimid ar comhaoisI left that same week d'fhág mé an tseachtain chéanna sinit's these same experts who caused it is iad na saineolaithe céanna seo is cúis leisthey live in the same house cónaíonn siad sa teach céanna, tá siad ina gcónaí san aon teach amháinthe very same day an lá ceannann céannait amounts to the same thing is é an dá mhar a chéile éthat's the same thing as stealing is ionann é sin agus goidthe same man is no angel ní haon aingeal é an fear céanna 2 adjective exactly correspondingcéanna adj3 he calls the same day every week glaonn sé an lá céanna gach seachtainat the same time last year ag an am céanna an bhliain seo caite, ag an tráth céanna anuraidhchildren of the same age leanaí atá an aois chéanna, leanaí atá ar comhaoistheir house was the same size as ours bhí an teach s'acusan ar aon mhéid leis an teach s'againnesame time, same place an áit chéanna, an t-am céannaTaispeáin iontráil iomlán
3 adjective closely similar in typecéanna adj3 she'll have the same problem beidh an fhadhb chéanna aiciseI did it the very same way rinne mé é an bealach ceannann céannaif you're in the same position má tá tú sa chás céanna, más amhlaidh an cás agatsahe said much the same thing dúirt seisean an rud céanna, a bheag nó a mhór; dúirt seisean an rud céanna, geall leisI'd like a bag the same or similar ba mhaith liom mála mar an gcéanna nó a mhacasamhailsame rubbish as ever an raiméis chéanna arís eile 4 adjective unchangedcéanna adj3 ceannann céanna we're still dealing with the same problems táimid fós i ngleic leis na fadhbanna ceannann céannathe same old story an seanscéal céanna, seanscéal agus meirg airthe same black hair an ghruaig dhubh chéanna
pronoun
5 pronoun sb/sth identical'Are you the inspector?' 'The same,' she replied. 'An tusa an cigire?' 'An bhean chéanna,' a d'fhreagair sí.family and friends are one and the same to me is mar a chéile agamsa teaghlach agus cairde, is mar an gcéanna liomsa teaghlach agus cairde, is ionann agamsa teaghlach agus cairdethat's not the same as the other one ní hionann é sin agus an ceann eile, ní mar a chéile é sin agus an ceann eilemy coat is exactly the same as yours is ionann go díreach mo chótasa agus do cheannsa, is mar an gcéanna díreach mo chótasa agus do cheannsathe same is true for me is mar sin atá agamsa freisin; is é an dála céanna é agamsa; is amhlaidh atá agamsa, leisI need to pay for same caithfidh mé íoc as sin 6 pronoun sth exactly corresponding or equivalentmar an gcéanna mar a chéile it's not the same this time níl sé mar an gcéanna an babhta seo, ní hionann é an iarraidh seothe pay is the same this year as last year is ionann an pá i mbliana agus anuraidh, is mar a chéile an pá i mbliana agus anuraidhthey weigh the same tá an meáchan céanna iontu, meánn siad an méid céannayou look the same tá an chuma chéanna ort, breathnaíonn tú mar an gcéanna 7 pronoun sth/sb indistinguishablemar an gcéanna mar a chéile the rules are the same for everyone is mar an gcéanna na rialacha do gach duine, is ionann na rialacha do gach duinewe're all the same táimid uilig mar an gcéanna, is mar a chéile muid go léirwe heard more of the same chualamar an seanscéal céanna arís, chualamar an seanphort céannait's the same for me is é an scéal céanna agamsa é, is é an dála céanna agamsa é, is amhlaidh agamsa éone place is the same as another is mar a chéile áit amháin agus áit eileeveryone thinks the same as I do tá gach duine ar aon intinn liomI'd do the same as she did dhéanfainn an rud céanna a rinne sise, dhéanfainn mar a rinne sisethis is just the same as how they do it at home is ar an gcaoi chéanna a dhéanann siad sa bhaile é, mar an gcéanna a dhéanann siad sa bhaile éit's much the same as when we bought it tá sé mórán mar a bhí nuair a cheannaíomar éa photo is not the same as seeing it for yourself ní hionann pictiúr agus é a fheiceáil le do shúile cinn, ní mar a chéile pictiúr agus é a fheiceáil duit féinsame for me with dogs mar a chéile domsa le madraí, an dála céanna agamsa le madraí, mo dhála féin le madraí 8 pronoun sth unchangedcéanna mar an gcéanna my answer is the same an freagra céanna atá agam, is mar an gcéanna mo fhreagrait's not the same ní mar a chéile é, ní hionann an cásthe food didn't taste the same ní hé an blas céanna a bhí ar an mbia, níorbh ionann an blas a bhí ar an mbiaI want more of the same ba mhaith liom tuilleadh den rud céanna, ba mhaith liom an rud céanna arísit's more of the same carry on an ealaín chéanna arís atá ann, an amaidí chéanna arís atá annthe weather was the same as before bhí an aimsir mar a bhí sí an uair dheiridh, ní raibh aon athrú ar an aimsir ón uair dheiridhadverb
9 adverb in same waymar an gcéanna ar an gcuma chéanna an dóigh chéanna they don't talk the same ní labhraíonn siad mar an gcéannathey aren't treated quite the same as locals ní chaitear leo díreach mar a chaitear le muintir na háite, ní chaitear leo baileach mar a chaitear le muintir na háitehe was working the same as usual bhí sé ag obair leis mar is iondúil, bhí sé ag obair leis mar is gnáchhe'll go to work tomorrow same as usual rachaidh sé ag obair amárach mar is gnách, rachaidh sé ag obair amárach mar is iondúil