An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
  • EN > GA
  • GA > EN
Foirm de opportunity » is ea opportunities

opportunity

1 noun chance, occasiondeis fem2  c m useans masc4  c m ufaill fem2  c m uto have the opportunity to do sth an deis a bheith agat rud a dhéanamh, an t-áiméar a bheith agat rud a dhéanamhwhen the opportunity arises nuair a bheidh deis ann, nuair a thiocfaidh an deis, nuair a thiocfaidh an seansit's the opportunity of a lifetime deis é nach bhfaigheann duine ach uair amháin ina shaolhe missed a golden opportunity in the first half chaill sé deis iontach sa chéad leath, lig sé an-seans thairis sa chéad leathhe took the opportunity to visit his sister thapaigh sé an deis le dul ar cuairt ag a dheirfiúrI'll call you at the earliest opportunity glaofaidh mé ort chomh luath in Éirinn agus a bheidh deis agam, glaofaidh mé ort a luaithe agus a bheidh áiméar agamthe school gave us every opportunity thug an scoil gach seans dúinn, chuir an scoil go leor deiseanna ar fáil dúinnthey train at every possible opportunity bíonn siad ag traenáil gach uile uair dá dtig leo, bíonn siad ag traenáil gach aon uair is féidir leoshe tried to escape at every available opportunity rinne sí iarracht éalú gach uile dheis a fuair síI'll give you the money back at the first opportunity tabharfaidh mé an t-airgead ar ais duit an chéad seans a gheobhaidh mé, tabharfaidh mé an t-airgead ar ais duit chomh luath in Éirinn agus is féidir liomwe're waiting for the right opportunity táimid ag fanacht leis an deis cheart, táimid ag fanacht ar an uain cheart 2 noun potential, possible successdeis fem2  c m uequality of opportunity cothromaíocht deiseannathey availed of that window of opportunity thapaigh siad an deis sin, rug siad ar an bhfaill sin, bhain siad leas as an áiméar sinit provides a world of opportunity for young people tugann sé deiseanna go leor don óige, cuireann sé neart deiseanna ar fáil don óigeAustralia remains a land of opportunity is tír í an Astráil a bhfuil an-deiseanna fós le fáil inti
Taispeáin iontráil iomlán 
3 noun available workdeis fem2  c m uthere are opportunities in the retail trade tá deiseanna le fáil sa tionscal miondíolajob opportunity deis oibre, deis fostaíochta

opportunities

noundeiseanna fpl2  c m useansanna mpl4  c m uequal opportunities in the work place comhdheiseanna san ionad oibreyoung people without opportunities daoine óga nach bhfuil deiseanna acu sa saol

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile