may
modal verb
1 modal verb expressing possibilitydon't touch it, it may be dangerous ná leag lámh air, d'fhéadfadh sé a bheith dainséarachwe may have to close the shop d'fhéadfadh sé go mbeadh orainn an siopa a dhúnadh, thiocfadh dó go mbeadh orainn an siopa a dhruidim, seans go mbeidh orainn an siopa a dhúnadhyou may find a copy in the store b'fhéidir go bhfaighfeá cóip sa stóraskeep up the exercise however difficult it may be for you coinnigh leis an aclaíocht fiú má bhíonn sé dian ortyou may find that buying a car is your only option tharlódh nach mbeadh aon rogha eile agat ach carr a cheannach, thiocfadh dó nach mbeadh rogha ar bith eile agat ach carr a cheannachif you think you may be affected by the new rules má cheapann tú go mbaineann na rialacha nua leatsathe truth may never be known b'fhéidir nach dtiocfaí ar an bhfírinne go deo, seans nach mbeidh an fhírinne ar eolas againn go deodo you have any idea of the route they may have taken? an bhfuil aon tuairim agat cén bealach a ndeachaigh siad?are you afraid I may burn my fingers? an bhfuil faitíos ort go ndófainn mo mhéara?, an bhfuil faitíos ort go bhféadfainn mo mhéara a dhó?we'll carry out any repairs that may be necessary déanfaimid aon deisiúcháin a bheidh de dhíthyou may well ask what this has to do with you féadann tú ceist a chur cén bhaint atá aige seo leatsa, is maith mar a d'fhiafraigh tú cén bhaint atá aige seo leatsayour dream may come true d'fhéadfadh sé go bhfíorófaí do bhrionglóid, tharlódh go bhfíorófaí do bhrionglóidwhatever you may think is cuma céard a cheapann túwhoever he may be is cuma cé hé féinanyone who may be able to help us aon duine a bheadh in ann cuidiú linn, aon duine a d'fhéadfadh cuidiú linn'Would you be able to help?' 'I may.' 'An mbeifeása in ann cuidiú linn?' 'B'fhéidir é.'; 'An mbeifeása in ann cuidiú linn?' 'B'fhéidir go mbeinn.''Do you think he'll get better?' 'He may.' 'An dóigh leat go dtiocfaidh biseach air?' 'B'fhéidir é.'; 'An dóigh leat go dtiocfaidh biseach air?' 'B'fhéidir go dtiocfaidh.'he said that she may have forgotten it dúirt sé go mb'fhéidir go ndearna sí dearmad air, dúirt sé go mb'fhéidir go raibh dearmad déanta aici air 2 modal verb in polite suggestionsmay I suggest that you think again? an dtig liom a mholadh go ndéanfá athmhachnamh?, an miste leat dá molfainn duit athmhachnamh a dhéanamh?you may like to consider attending the conference seans gur mhaith leat smaoineamh ar dhul chuig an gcomhdháil, b'fhéidir gur chóir duit smaoineamh ar fhreastal ar an gcomhdháilit may be a good idea to ask somebody nár mhaith an rud ceist a chur ar dhuine éigin?, b'fhéidir gur mhaith an rud ceist a chur ar dhuine éiginTaispeáin iontráil iomlán
3 modal verb indicating possible methodyou may pay by credit card féadfaidh tú íoc le cárta creidmheasa, is féidir leat íoc le cárta creidmheasa, tig leat íoc le cárta creidmheasaother treatments may be used as well d'fhéadfaí cóireálacha eile a úsáid chomh maith, is féidir cóireálacha eile a úsáid chomh maith 4 modal verb in polite questionshow may I help? conas a d'fhéadfainn cabhrú leat?, cad é mar a thig liom cuidiú leat?where may I purchase a cap? cá bhféadfainn caipín a cheannach?, cá bhfaighinn caipín le ceannach? 5 modal verb in polite requestshow many books may I borrow? cá mhéad leabhar is féidir liom a fháil ar iasacht?may I take your car? an dtiocfadh liom do charr a thógáil?; an dtabharfá iasacht do chairr dom, le do thoil?may I have a look round the house? an dtiocfadh liom amharc thart ar an teach?, an bhféadfainn breathnú timpeall an tí? 6 modal verb giving permission'May I have some more?' 'You may, indeed.' 'An bhféadfainn tuilleadh a bheith agam?' 'D'fhéadfá, cinnte.'; 'An dtig liom níos mó a bheith agam?' 'Tig, cinnte.'you may leave the room tá cead agat an seomra a fhágáil, féadfaidh tú an seomra a fhágáil 7 modal verb in disapproving questionwho may you be? mura miste leat ach cé thú féin?, cé thusa mura miste mé á fhiafraí? 8 modal verb expressing purpose, intentionsend me the information so that I may decide cuir an t-eolas chugam ionas go bhféadfaidh mé cinneadh a dhéanamh, cuir an t-eolas chugam chun go mbeidh mé ábalta m'intinn a dhéanamh suas 9 modal verb expressing wish or hope TRANSITIVEmay I never again have to see such a terrible sight tá súil le Dia agam nach bhfeicfidh mé a leithéid de radharc go deo arís, nár lige Dia go bhfeicfinn a leithéid de radharc arís go deolong may it continue gura fada buan émuch good may it do you! ironic nár dhéana sé maith duit!, nár fhaighe tú a thairbhe!may he rot in hell go dtachta an diabhal é, go fíoríochtar ifrinn go dté sé 10 modal verb conceding TRANSITIVEyou may smile, but it's perfectly true féadfaidh tú a bheith ag gáire ach is é an fhírinne ghlan é; bí ag gáire leat ach is é an fhírinne ghlan é; bíodh is go bhfuil tusa ag gáire, tá sé fíorthe skies may be grey, but there's still some hope b'fhéidir go bhfuil an spéir dorcha ach tá údar dóchais fós againn; dorcha agus mar atá an spéir, tá údar dóchais fós againntry as you may dá gcuirfeá do bhundún amach, is cuma céard a dhéanfá, in ainneoin do dhíchill 11 modal verb in statement or opinionféad verb is féidir letig le it may be argued that this is not fair d'fhéadfaí a rá nach bhfuil sé seo cothrom, is féidir a rá nach bhfuil sé seo cothromshe was a good woman, and may I add, great fun bean mhaith a bhí inti agus más ceadmhach dom é a rá, bhí an-chraic inti; bean mhaith a bhí inti agus dá bhféadfainn é a rá, bhí an-chraic inti
noun
12 noun BOT hawthorn treemay tree crann sceiche 13 noun BOT hawthorn flowersmay blossom bláth bán na Bealtaine, bláth na sceiche gile