An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: lough · launch · plough · slough · laugh at · laughing · laughter · bough · cough · dough
  • EN > GA
  • GA > EN

laugh

1. verb 2. noun action, sound3. noun in reaction to sth4. noun good time
phrases
1 verb
INTRANSITIVEbheith ag gáiregáire a dhéanamhhe laughed when he heard it rinne sé gáire nuair a chuala sé éshe laughed heartily rinne sí gáire ó chroíshe laughed scornfully rinne sí gáire fonóideachthey were laughing their heads off bhí siad sna trithí gáire, bhí siad lagaithe ag gáire, bhí siad ag titim leis na gáiríeverybody laughed at the story rinne gach duine gáire faoin scéalhe laughed in their faces rinne sé gáire suas lena mbéal, rinne sé gáire suas lena bpusyou may laugh, but ... cead agaibh a bheith ag gáire, ach ...; bígí ag gáire, ach ...I started laughing thosaigh mé ag gáire, chrom mé ar gháireshe couldn't stop laughing ní raibh sí in ann stopadh de bheith ag gáire, ní thiocfadh léi stad den gháireit's not a matter to laugh about ní haon ábhar gáire éthey burst out laughing lig siad racht gáire, phléasc siad amach ag gáirethat made her laugh chuir sé sin ag gáire í, bhain sé sin gáire aisti
TRANSITIVE'Who'd believe that?' she laughed. 'Cé a chreidfeadh é sin?' ar sise de gháire.
2 noun action, soundgáire masc4  c m ushe heard a loud laugh behind her chuala sí gáire ard ar a cúl, chuala sí scolgháire taobh thiar dihe gave a hearty laugh rinne sé gáire croíúilshe recognised his laugh d'aithin sí a gháirewe had a good laugh when we heard about it rinneamar ár sáith gáire nuair a chualamar faoi, bhí an-phíosa gáire againn nuair a chualamar ina thaobh'Ok,' she said with a laugh. 'Ceart go leor,' ar sise ag déanamh gáire.
Taispeáin iontráil iomlán 
3 noun in reaction to sthgáire masc4  c m uhis shirts always create laughs cuireann a chuid léinte daoine ag gáire i gcónaíthe film has plenty of laughs tá go leor grinn sa scannán, tá ábhar gáirí go leor sa scannánhe did it for laughs rinne sé mar phíosa grinn é, le greann a rinne sé éit'll give you a good laugh bainfidh sé gáire asat, cuirfidh sé ag gáire thú 4 noun good timecraic fem2  c m uspraoi masc4  c m uspórt masc1  c m uwe had a laugh last night bhí craic againn aréir, bhí spórt againn aréir, bhí spraoi againn aréirthere were plenty of laughs on the tour bhí an-chraic ann le linn an turaisit's only a bit of a laugh níl ann ach píosa spraoi, níl ann ach giota craicewe had a laugh about it afterwards bhí beagán spraoi againn faoi ina dhiaidhthey had a good laugh over the row rinne siad greann den achrann
phrases

sb is a laugh

(also

sb is a good laugh

) informalhe's a right laugh tá an-chraic ag baint leis, tá an-spraoi ann, is mór an spórt é, is breá an chuideachta é

to be good for a laugh

1 informal ready to laughthey're good for a laugh bíonn an-chraic leo, bíonn an-spraoi leo, tá féith an ghrinn iontu, is dream seoigh iad 2 informal amusingthat programme is always good for a laugh cúis mhaith gháire an clár sin i gcónaí, bíonn an clár sin i gcónaí greannmhar

a laugh a minute

informalit was a laugh a minute bhí craic iontach ann, bhí an-spraoi ann, bhí an-spórt ann

a bundle of laughs

(also

a barrel of laughs

) informalhe's a bundle of laughs tá sé lán le spraoi, tá craic ar dóigh annshe's not exactly a barrel of laughs ní déarfaí gur bean mhór spraoi í, ní hí is gealgháirí amuigh, is doiligh gáire a bhaint asti

for a laugh

(also

for laughs

) informalI pushed the button just for a laugh bhrúigh mé an cnaipe díreach ar mhaithe leis an gcraic, bhrúigh mé an cnaipe díreach le teann spraoi

to have the last laugh

(also

to get the last laugh

) we stuck to football and had the last laugh chloíomar leis an bpeil agus bhí an lá linn ar deireadh

to laugh at sb behind their back

bheith ag magadh faoi dhuine ar chúl a chinnbheith ag magadh faoi dhuine gan fhios dó

sb is having a laugh

informalyou're having a laugh! ag magadh atá tú!; níl tú dáiríre, an bhfuil!

sb will be laughing

informalyou'll be laughing when it's done beidh leat nuair a bheidh sé déanta, beidh tú ar mhuin na muice nuair a bheidh sé déanta

to be laughing all the way to the bank

informalthey're laughing all the way to the bank tá siad ag carnadh airgid dóibh féin, tá airgead i ngach póca acu, tá siad ag déanamh na múrtha airgid

to be laughed out of town

(also

to be laughed out of court

) I'd be laughed out of town if I said that now! chuirfí an ruaig reatha orm dá ndéarfainn é sin anois!, bheinn i mo cheap magaidh dá ndéarfainn é sin anois!, bheinn i mo sheó bóthair dá ndéarfainn é sin anois!

don't make me laugh

informalan ag magadh atá tú?níl tú dáiríre, an bhfuil?

he who laughs last laughs longest

proverb an duine is deireanaí a dhéanfas gáire, is é is fearr a dhéanfas gáireis fada an gáire an gáire deiridh

to laugh in the face of sth

aghaidh a thabhairt go misniúil ar rud

to laugh up your sleeve

(also

to laugh in your sleeve

) bheith ag gáire os ísealbheith ag gáire go folaitheachbheith ag gáire i leataobh

no laughing matter

it's no laughing matter ní haon ábhar grinn é, ní cúis gháire ar bith é, ní haon údar gáire é

to not know whether to laugh or cry

he didn't know whether to laugh or cry ní raibh a fhios aige ar cheart gol nó gáire a dhéanamh, bhí sé idir gháire agus ghol

sb will be laughing on the other side of their face

they'll soon be laughing on the other side of their faces beidh gol a ngáire acu gan mhoill, imeoidh an straois sin díobh ar ball, titfidh an gáire astu gan mhoill

you have to laugh

you just have to laugh níl dul thairis ach gáire a dhéanamh; ní fhéadfá ach gáire faoi; mura mbeadh agat ach gáire amháin, chaithfeá é a dhéanamh

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile