An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
  • EN > GA
  • GA > EN

interest

noun
verb
phrases
noun
1 noun desire to knowsuim fem2  c m uspéis fem2  c m uto lose interest in sth suim a chailleadh i rud, spéis a chailleadh i rudhe held their interest during the class choinnigh sé a n-aird air i rith an rangathe story attracted public interest tharraing an scéal aird an phobailthey have no interest in politics níl spéis ar bith acu sa pholaitíocht, níl aon suim acu i gcúrsaí polaitíochta, ní spéis leo cúrsaí polaitíochtashe showed an interest in it léirigh sí spéis annthey take great interest in education cuireann siad spéis as cuimse san oideachas, cuireann siad an-suim go deo i gcúrsaí oideachaishe has no interest in going there níl aon spéis aige dul annI read the article with interest chuir mé an-suim san alt, thug mé an-suntas don alt 2 noun interesting qualityábhar suime  c m udíol spéise  c m uthe building is of historical interest is díol spéise é an foirgneamh ó thaobh na staire de, tá tábhacht leis an bhfoirgneamh ó thaobh na staire deit's a tale full of interest is scéal thar a bheith suimiúil é, is ríspéisiúil an scéal éthis may be of interest to readers b'fhéidir go gcuirfidh léitheoirí spéis ann seo, tharlódh go mba spéis le léitheoirí é seoit's of no interest to them níl puinn suime acu ann, níl spéis dá laghad acu ann, níl suim ar bith acu annit holds little interest for me is beag mo spéis annthe square is of no interest níl aon tábhacht leis an gcearnóg
Taispeáin iontráil iomlán 
3 noun hobbycaitheamh aimsire  c m uthey share the same interests tá an caitheamh aimsire céanna acu, tá suim acu sna rudaí céannareading is my main interest is í an léitheoireacht an caitheamh aimsire is mó atá agam, an léitheoireacht an rud is mó a bhfuil suim agam ann, sa léitheoireacht is mó atá spéis agam 4 noun FIN from investment or loanús masc1  c m uyou'll have to pay interest on that loan beidh ort ús a íoc ar an iasacht sinhe paid the money back with interest d'íoc sé an t-airgead ar ais agus ús ina theannta 5 noun benefit, advantageleas masc3  c m uit's in your own interests is chun do leasa féin é, is ar mhaithe leat féin éit's in the best interests of the children is chun leas na bpáistí é, is ar mhaithe leis na páistí éshe has their best interests at heart is ar mhaithe leo atá síshe did it in the public interest rinne sí é ar son leas an phobail 6 noun connection to sthleas masc3  c m ufinancial interest leas airgeadaishe declared an interest in the development d'fhógair sé go raibh leas aige san fhorbairtthe state has an interest in supporting education is chun leas an stáit é tacú leis an oideachas 7 noun LAW stakeleas masc3  c m uhe has a minority interest in the company tá leas mionlaigh aige sa chomhlacht 8 noun group of businesses etclucht leasa  c m ubanking interests lucht baincéireachta
verb
9 verb be interesting to sb TRANSITIVEschool doesn't interest him níl aon suim aige sa scoil, ní spéis leis an scoil, ní fear mór scoile éit may interest you to listen to the programme b'fhéidir go mbeadh spéis agat éisteacht leis an gclár 10 verb make sb interested, motivate TRANSITIVEmeall verb  c m uit's difficult to interest them in eating vegetables is deacair iad a mhealladh le glasraí a ithehe was trying to interest her in buying the ring bhí sé ag iarraidh í a mhealladh leis an bhfáinne a cheannach
phrases

as a matter of interest

(also

out of interest

) 1 because it's interestingdála an scéilthis, as a matter of interest, is a first edition is céadchló é seo, dála an scéil 2 because I'm interestedar mhaithe le spéisout of interest, are you long working there? ar mhaithe le spéis, an bhfuil tú i bhfad ag obair ansin?why didn't you stay, as a matter of interest? cén fáth nár fhan tú, mura miste leat mé an cheist a chur?; cad chuige nár fhan tú, mura miste leat mé é a fhiafraí?

could I interest you in ...?

(also

can I interest you in ...?

) could I interest you in a drop of tea? ar mhaith leat braon tae?, an bhfuil fonn tae ort?

in the interests of sth

(also

in the interest of sth

) 1 to promotehe did it in the interests of the cause ar son na cúise a rinne sé é 2 out of concern forshe did it in the interests of her health ar mhaithe lena sláinte a rinne sí é

with interest

she got her own back with interest bhain sí díoltas amach agus tuilleadh, bhain sí díoltas amach agus tuilleadh lena chois, bhain sí díoltas amach agus fuílleach lena chois

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile