An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: chit · hilt · hint · shit · bit · fit · git · hat · him · hip
  • EN > GA
  • GA > EN

hit

verb
noun
phrases
verb
1 verb touch with force TRANSITIVEbuail verb  c m u
► (strike with hand, object, etc)
I hit it with a stick bhuail mé le bata éstop hitting me! stad do mo bhualadh!she hit me and I hit her back bhuail sise mise agus bhuail mé ar ais íshe hit the table angrily bhuail sí an bord go feargach
► (knock against sth)
I hit my knee on the table bhuail mé mo ghlúin ar an táblahe hit his hand against the wall bhuail sé a lámh in éadan an bhalla, bhuail sé a lámh faoin mballa
► (strike target)
two rockets hit the ship bhuail dhá roicéad an longthe bullets hit him in the arm bhuail na piléir sa lámh éthe sliotar hit the bar bhuail an sliotar an trasnánthat's where the missile hit sin é an áit ar thit an diúracán
2 verb make contact with
TRANSITIVEbuail verb  c m uthe car didn't hit him níor bhuail an carr éthe ball hit him on the arm bhuail an liathróid sa lámh éthe tree hit the ground thit an crann go talamh
INTRANSITIVEbuail verb  c m uit hit against the cliff bhuail sé in aghaidh na haille, bhuail sé faoin aill
Taispeáin iontráil iomlán 
3 verb SPOR strike ball
TRANSITIVEbuail verb  c m uhe hit the ball back to me bhuail sé an liathróid ar ais chugam
INTRANSITIVEhe hit to right field bhuail sé an liathróid amach ar dheis
4 verb SPOR score (goal) TRANSITIVEaimsigh verb  c m uscóráil verb  c m ufaigh verb  c m uTyrone hit a goal scóráil Tír Eoghain cúl, chuir Tír Eoghain báireshe hit a nice point d'aimsigh sí cúilín deas 5 verb MET, GEOL happen
INTRANSITIVEthe storm hit d'éirigh an stoirm, tháinig an stoirmwait until the snow hits fan go dtiocfaidh an sneachta
TRANSITIVEbuail verb  c m uearthquakes hit Japan every year buaileann creathanna talún an tSeapáin gach bliain, tarlaíonn creathanna talún sa tSeapáin gach bliainfloods hit the east of the country bhí tuilte in oirthear na tíre
6 verb arrive with impact TRANSITIVEwhen the punks hit the scene nuair a tháinig na puncaí ar an bhfódit hit the market in July tháinig sé ar an margadh i mí Iúil 7 verb informal go somewhere for fun TRANSITIVEtabhair faoi  c m uaghaidh a thabhairt ar  c m uwe hit the shops thugamar aghaidh ar na siopaí 8 verb informal drink lots of (alcohol) TRANSITIVEtéigh ar PhrV  c m uluigh isteach ar  c m uhe hit the whisky chuaigh sé ar an uisce beatha, luigh sé isteach ar an bhfuisce 9 verb affect adversely TRANSITIVEbuail verb  c m ucuir isteach ar PhrV  c m uwe were badly hit by the floods bhuail na tuilte go dona muidthe crisis hit sales chuir an ghéarchéim isteach ar an díolachánhe was hardest hit eisean is measa a bhí buailte, eisean is mó a bhí thíos leis 10 verb suddenly occur to sb TRANSITIVEa wonderful thought hit me rith smaoineamh iontach liom, bhuail smaoineamh iontach méit hit me that she wasn't well rith sé liom nach raibh sí go maith, tháinig sé chugam nach raibh sí ar fónamh 11 verb total, level, etc TRANSITIVEsroich verb  c m ubain amach PhrV  c m uI'd done it all by the time I hit fifty bhí gach rud déanta agam faoin am a raibh mé caogaair pollution has hit an all-time low tá truailliú aeir níos ísle ná a bhí riamh 12 verb encounter (problem etc) TRANSITIVEthey've hit problems with it tá deacrachtaí acu leisI hit heavy traffic chuaigh mé isteach i dtrácht trom 13 verb informal place TRANSITIVEsroich verb  c m ubain amach PhrV  c m utar chomh fada le VP  c m uyou'll hit the river soon is gearr go dtiocfaidh tú chomh fada leis an abhainnthey'll hit Cork on Monday bainfidh siad Corcaigh amach ar an Luan 14 verb informal start out along TRANSITIVEthey hit the road at 7 a.m. bhuail siad bóthar ag 7 a.m.; chuir siad chun bóthair ar 7 a.m.; bhain siad giota de ag 7 a.m. 15 verb informal button etc TRANSITIVEbrúigh verb  c m ubuail verb  c m uhe hit the wrong button bhrúigh sé an cnaipe mícheartshe hit the brakes luigh sí ar na coscáin 16 verb informal assassinate TRANSITIVEmaraigh verb  c m u
noun
17 noun occasion or act of striking or being struckbuille masc4  c m ua hit on the head buille sa cheannI'm the one taking hits mise atá ag fulaingt 18 noun MIL strike by missile etcbuille masc4  c m uthe battleship suffered a hit buaileadh an long chogaidhdirect hit buille díreach 19 noun SPOR strike with bat etcbuille masc4  c m u 20 noun informal assassinationmarú masc  c m uhe ordered a hit on her d'ordaigh sé go marófaí í 21 noun TELECOM, COMP visit to websiteamas masc1  c m uthe site has received loads of hits tá go leor amas faighte ag an suíomh 22 noun informal of drug (quantity)dáileog fem2  c m u 23 noun informal of drug (feeling)cic masc4  c m u 24 noun critical remarkgoineog fem2  c m uspalla masc4  c m usáiteán masc1  c m uwas his remark a hit at me? an ag caitheamh anuas ormsa a bhí sé? 25 noun song, film, play, etcthe book was a big hit bhí an-ráchairt ar an leabharthe song was a huge hit bhí an-tóir ar an amhrán, bhí an-ráchairt ar an amhrántheir greatest hits na hamhráin dá gcuid is mó a raibh ráchairt orthuthe hits from that era amhráin mhóra na linne sin, móramhráin na linne sinthe play was a hit bhí an-ráchairt ar an dráma, d'éirigh go maith leis an drámathe film was a huge box-office hit bhí an-rath go deo ar an scannán sna pictiúrlanna 26 noun sth/sb very popularher visit was a huge hit with community workers bhí oibrithe pobail an-tógtha lena cuairthe was a real hit with the ladies bhí na mná ar fad sa tóir air
phrases

to hit it off

informalréiteach le chéiletarraingt le chéilewe hit it off straight away bhíomar an-mhór le chéile ón tús

to hit the bottle

informaldul ar an drabhlásshe's hit the bottle again tá sí ag ól arís, tá sí ar an drabhlás arís, tá sí ar ais ar an ól

to hit the dirt

informaltitim ar an talamhshe hit the dirt when she saw them chaith sí í féin ar an talamh nuair a chonaic sí iad

to hit the ground running

tús maith a dhéanamhdul i mbun oibre láithreachthe team hit the ground running níor chuir an fhoireann aon am amú

to hit the jackpot

1 informal win top prizean pota óir a bhreith leatan pota óir a bhuachan 2 informal be very successful or luckyan t-ádh dearg a bheith orthe hit the jackpot with that girl bhí an t-ádh dearg air an cailín sin a fháil

to hit the mark

(also

to hit the spot

) that meal really hit the mark ba ghéar a theastaigh an béile sinthe changes have hit the mark with everyone tá gach aon duine sásta leis na hathruithe

to hit the nail on the head

do mhéar a leagan airan ceart ar fad a bheith agatan tairne a bhualadh ar an gcloigeannyou've hit the nail on the head! leag tú do mhéar air!, tá sé ráite agat!

to hit the roof

(also

to hit the ceiling

) 1 informal become very angrydul le báinídul le craobhachabheith le ceangal  c m udul ar mire glanhe hit the roof bhí sé le ceangal, chaill sé an cloigeann 2 reach very high leveldul ó smachtdul thar fóir ar fadthe price of oil hit the roof again chuaigh praghas na hola ó smacht arís

to hit the streets

1 informal go on salebheith ar díolbheith le fáil  c m uteacht amachthe new edition hit the streets today tá an t-eagrán nua ar díol inniu, tháinig an t-eagrán nua amach inniu 2 informal become publicly knownbheith i mbéal an phobail 3 informal go onto streets to do sthdul amach ar na sráideannad'aghaidh a thabhairt ar na sráideannana sráideanna a thabhairt ort féinthe fans hit the streets to celebrate chuaigh an lucht tacaíochta amach ar na sráideanna ag ceiliúradh, thug an lucht tacaíochta na sráideanna orthu féin ag ceiliúradh

to not know what hit you

(also

to never know what hit you

) informalthey won't know what hit them ní bheidh a fhios acu céard a tharla dóibh, ní bheidh a fhios acu cad é a tháinig orthu

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile