for
preposition
1 preposition indicating recipient, beneficiary, etcdo prep to buy sth for sb rud a cheannach do dhuinethis letter is for you is duitse an litir seois that for me? an domsa é sin?keep a seat for me coinnigh suíochán domwho are the chocolates for? cé dó a bhfuil na seacláidí?a disco for teenagers dioscó do dhéagóirí, dioscó le haghaidh déagóirí 2 preposition on behalf of sbdo prep ar son would you do a favour for me? an ndéanfá gar dom?will I go for you? an rachaidh mise ar do shon?she keeps an eye on the house for me coinníonn sí súil ar an teach dom, coinníonn sí súil ar an teach faoi mo choinneto raise money for charity airgead a chruinniú ar mhaithe le carthanachta collection for the homeless bailiúchán ar son na ndaoine atá gan dídeanTaispeáin iontráil iomlán
3 preposition to protect sb/sthar son she would do anything for you dhéanfadh sí aon rud duit, dhéanfadh sí rud ar bith ar do shonto die for your country bás a fháil ar son do thíre 4 preposition in support ofto vote for sb do vóta a chaitheamh ar son duine, do vóta a thabhairt do dhuineshe was cheering for Mayo bhí sí ag tabhairt tacaíochta do Mhaigh Eoeight voted for the proposal and six against vótáil ochtar ar son an rúin agus seisear ina aghaidhthe argument for recycling an argóint ar son na hathchúrsálayou have no evidence for that statement níl fianaise ar bith agat leis an ráiteas sinI'm for helping them tá mé i bhfabhar cabhrú leo, tá mé i bhfách le cuidiú leoI'm all for free speech tá mé go huile is go hiomlán ar son saoirse cainte 5 preposition stating purpose of sthle haghaidh i gcomhair faoi choinne I use the garage for storage bainim úsáid as an ngaráiste i gcomhair stórála, bainim úsáid as an ngaráiste le haghaidh rudaí a stóráilI need medicine for my throat teastaíonn cógais uaim le haghaidh mo scornaí, tá cógais de dhíth orm faoi choinne mo sceadamáinsoftware for creating a timetable bogearraí chun clár ama a chruthú, bogearraí le clár ama a chruthú, bogearraí d'fhonn clár ama a chruthúto buy furniture for the house troscán a cheannach don teach, troscán a cheannach i gcomhair an tíwe stopped for a rest stopamar le haghaidh scíthe, stopamar le sos a ghlacadhit's time for me to go to bed is mithid dom dul a luíI left the coat in for cleaning d'fhág mé an cóta isteach le go nglanfaí éthe bell rang for classes to begin buaileadh an clog chun go dtosódh ranganna, buaileadh an clog le go dtosódh ranganna 6 preposition to get sthle haghaidh i gcomhair faoi choinne he's gone to the shop for cigarettes tá sé imithe chuig an siopa le haghaidh toitíní, tá sé imithe chuig an siopa i gcomhair toitíní, tá sé ar shiúl chuig an siopa faoi choinne toitíníto do sth for the money rud a dhéanamh ar mhaithe leis an airgeadfor further information, ring the number below le haghaidh tuilleadh eolais, glaoigh ar an uimhir thíos 7 preposition indicating reasonto go to the hospital for an x-ray dul chuig an otharlann le haghaidh x-ghahe said it for badness dúirt sé le holc éto do sth for a change rud a dhéanamh mar athrúI did it for fear of being left out rinne mé é ar eagla go bhfágfaí ar leataobh méto do sth for a laugh rud a dhéanamh le haghaidh spóirt, rud a dhéanamh ar mhaithe leis an gcraic, rud a dhéanamh chun seófor this reason ar an ábhar seohe has good grounds for complaint tá ábhar maith gearáin aigethis is a cause for concern is údar imní é seoto jump for joy léim le haoibhneas, léim le lúcháir, léim le barr áthaishe was sacked for being under the influence of alcohol briseadh as a phost é de bharr é a bheith faoi thionchar an óilto choose sb for his ability duine a roghnú as a chumas, duine a roghnú mar gheall ar a chumasshe apologised to me for saying it ghabh sí a leithscéal liom as é a ráI'll take it with me for you to see tabharfaidh mé liom é chun go bhfeicfidh tú é, tabharfaidh mé liom é le go bhfeicfidh tú é 8 preposition because ofhe's renowned for his poetry tá clú agus cáil air de bharr a chuid filíochta, tá clú agus cáil air as ucht a chuid filíochtashe's widely respected for her work tá cáil mhór uirthi as a cuid oibreI couldn't speak for the fear bhain an eagla an chaint díom, ní fhéadfainn labhairt ar mhéad is a bhí d'eagla ormto put sth off for want of money rud a chur ar an méar fhada de cheal airgidto resign for want of support éirí as d'uireasa tacaíochta 9 preposition stating durationI stayed there for six months bhí mé ag stopadh ansin ar feadh sé mhíshe was away for two weeks bhí sí imithe ar feadh coicísehow long was she away for? cá fhad a bhí sí ar shiúl?I gave up music for a while d'éirigh mé as an gceol ar feadh tamaill, d'éirigh mé as an gceol ar feadh scaithimhI didn't think for a moment that would happen níor shíl mé riamh go dtarlódh sé sinshe's off to Galway for the weekend tá sí imithe léi go Gaillimh don deireadh seachtaine, tá sí ar shiúl léi go Gaillimh faoi choinne an deireadh seachtaineI'll be away for a month beidh mé as baile ar feadh míosashe'll not be back for a month ní bheidh sí ar ais go ceann míosayou'll have to wait for a while beidh ort fanacht go ceann tamaillI've been here for a week tá mé anseo le seachtainI've known you for four years tá aithne agam ort le ceithre blianahe hasn't worked for two years ní dhearna sé aon obair le dhá bhliain, tá sé dhá bhliain ó rinne sé obair ar bithhe was here for a short spell bhí sé anseo seal beag gearryou haven't been here for a long time is fada an lá ó bhí tú anseoI've known Séamas for years tá seanaithne agam ar Shéamasthey haven't spoken to each another for years níor labhair siad le chéile leis na bliantashe had wanted a car for years bhí sí ag iarraidh cairr ar feadh na mblianta, bhí carr ag teastáil uaithi le blianta 10 preposition stating distancear feadh a road lined with trees for 2 km bóthar a bhfuil crainn ar gach taobh de ar feadh 2 kmthere was nothing to be seen for miles ní raibh dada le feiceáil ar feadh na mílteI walked for two miles shiúil mé dhá mhílethere are beautiful beaches for mile upon mile tá tránna áille ann ar feadh na mílte agus na mílte 11 preposition stating deadlineeverything will be ready for midday tomorrow beidh gach rud réidh faoi mheán lae amárachthat essay is for today caithfear an aiste sin a chur isteach inniuit doesn't expire for another week ní imíonn sé as dáta go ceann seachtaine eile 12 preposition stating time of eventle haghaidh i gcomhair faoi choinne that meeting is planned for 10:00 today tá an cruinniú sin socraithe le haghaidh 10:00 inniuthe match is scheduled for next Sunday tá an cluiche le himirt Dé Domhnaigh seo chugainnI have an appointment for seven o'clock this evening tá coinne agam ar a seacht a chlog tráthnóna inniu 13 preposition employed byshe's working for an insurance company tá sí ag obair do chomhlacht árachais, tá sí ag obair le comhlacht árachaishe's a tutor for the local university tá sé ina theagascóir leis an ollscoil áitiúilI spent the summer working for a plumber chaith mé an samhradh ag obair ag pluiméir 14 preposition stating cost or payar prep I sold the car for €800 dhíol mé an carr ar €800I'll do it for €50 déanfaidh mé ar €50 éhow much do you want for the two paintings? cá mhéad atá tú a iarraidh ar an dá phictiúr?, cad atá uait ar an dá phictiúr?we were working for less than €20 a day bhíomar ag obair ar níos lú ná €20 an lá, bhíomar ag saothrú níos lú ná €20 sa láhe's working for nothing tá sé ag obair gan faic, tá sé ag obair gan a dhath 15 preposition informal wanting to do sthanyone for a game of football? an bhfuil duine ar bith ag iarraidh cluiche peile a imirt?, ar mhaith le haon duine cluiche peile a imirt?are you for the match on Saturday? an mbeidh tú ag dul chuig an gcluiche Dé Sathairn?are you for the road? an bhfuil tú ag bualadh bóthair?, an bhfuil tú le giota a bhaint de? informalI was for giving him a thump bhí fonn orm buille a thabhairt dó, bhí mé faoi choinne buille a thabhairt dó 16 preposition concerning, relating tole haghaidh i gcomhair faoi choinne an advertisement for health insurance fógra árachas sláinte, fógra i gcomhair árachas sláinteare we all right for time? an bhfuil ár ndóthain ama againn?are you all right for money? an bhfuil do sháith airgid agat?, an bhfuil airgead do dhóthain agat?he's a great one for gossip is fear mór cúlchainte éyou're responsible for this young lady tá tusa freagrach as an mbean óg seo 17 preposition stating object of feelinghe has great affection for his grandchildren tá an-chion aige ar a chuid garpháistí, tá sé an-doirte dá chuid garpháistíto feel contempt for sb gráin a bheith agat ar dhuineto have respect for sb meas a bheith agat ar dhuineI felt sorry for her bhí trua agam di, ghlac mé trua di 18 preposition representing sbhe plays for Ireland imríonn sé d'ÉirinnI'm speaking for all of us tá mé ag labhairt ar ár son uiligto speak for the nation labhairt thar ceann an náisiúin 19 preposition in place ofI'll give you this book for that one tabharfaidh mé an leabhar seo duit ar an gceann sin, tabharfaidh mé an leabhar seo duit mar mhalairt ar an gceann sinhe left his wife for another woman d'fhág sé a bhean chéile agus d'imigh le bean eile 20 preposition in the direction ofis this the bus for Athlone? an é seo an bus go Baile Átha Luain?the next train for Belfast an chéad traein eile go Béal Feirsteis this the bus for Omagh? an é seo an bus chun na hÓmaí?the ships were bound for Australia bhí na longa ar a mbealach chun na Astráile, bhí na longa ag triall ar an Astráilwhere are you for? cá bhfuil tú ag dul?, cá bhfuil do thriall?he swam for the shore shnámh sé i dtreo an chladaighwe may as well head for home tá sé chomh maith againn aghaidh a thabhairt ar an mbaile 21 preposition on occasion ofdo prep le haghaidh i gcomhair faoi choinne I got a new book for Christmas fuair mé leabhar nua don Nollaig, fuair mé leabhar nua le haghaidh na Nollagwhat would you like to do for your birthday? cad ba mhaith leat a dhéanamh i gcomhair do lá breithe?, cad ba mhaith leat a dhéanamh faoi choinne do lá breithe? 22 preposition enoughdo prep le haghaidh i gcomhair faoi choinne there's space for two here tá áit do bheirt anseohe hadn't the money for a train ticket ní raibh an t-airgead aige le haghaidh ticéad traenachI haven't the patience for fishing níl foighne agam faoi choinne na hiascaireachta, ní fhéadfainn foighneamh leis an iascaireachtis there time for us to have a drink? an bhfuil go leor ama againn le deoch a ól? 23 preposition from sb's point of viewthis, for me, is the best part of the programme is é seo, i mo thuairimse, an chuid is fearr den chlár; is é seo, ó mo thaobhsa de, an chuid is fearr den chlár; dar liom gurb é seo an chuid is fearr den chlárfor me personally, it was bad news drochscéala a bhí ann domsa go pearsantathe thought was too much for me ní fhéadfainn smaoineamh airthe first day of the course was enough for her ba leor léi an chéad lá den chúrsait's easy for you to talk is réidh agatsa a bheith ag caint, is éasca duitse a bheith ag caint, is breá bog duitse a bheith ag caintthe biggest concern for us is the weather is í an aimsir is mó atá ag déanamh imní dúinnthat's good enough for me tá sé sin sách maith agamsa, tá sé sin maith a dhóthain domsa, tá sé sin maith go leor agamsa 24 preposition consideringdo prep she's very tall for her age tá sí an-ard dá haoishe's very fit for a man of his age tá sé an-aclaí d'fhear dá aoisit was all right for a first attempt ní raibh caill air don chéad iarracht, ní raibh caill air mar chéad gheábh 25 preposition showing meaningwhat's the French for 'good luck'? cén Fhraincis atá ar 'ádh mór'?the technical term for it is 'eclipsis' 'urú' an téarma teicniúil atá air 26 preposition suitable forthis is no place for you ní áit ar bith duit an áit seo, ní haon áit duitse é seothat's the girl for him! sin í an cailín atá uaidh!, sin í an cailín aige!, sin an cailín ceart faoina choinne!that's the place for them! sin an áit cheart dóibh!city life was not for me níor réitigh saol na cathrach liom, ní raibh saol na cathrach ag teacht liomthat's the job for you sin é an post ceart duitsethis work is not for the faint-hearted tá uchtach de dhíth leis an obair seo a dhéanamh, ní obair do mheatacháin í seo, ní haon dóithín an obair seo
conjunction
27 conjunction becausemar nó óir for she always had a keen interest in music mar bhí spéis mhór sa cheol riamh aici