follow
verb
1 verb behind sb/sth INTRANSITIVElean verb she ran and he followed rith sise agus tháinig seisean ina diaidhI followed behind in the car tháinig mise taobh thiar sa charr
TRANSITIVElean verb I followed him out lean mé amach éshe followed him down the road lean sí síos an bóthar éthey were following each other very closely bhí siad sna sála ar a chéile
2 verb deliberately track TRANSITIVElean verb someone is following me tá duine éigin do mo leanúint, tá duine éigin i mo dhiaidhto follow sb home duine a leanúint abhaileTaispeáin iontráil iomlán
3 verb go to join
INTRANSITIVEhe went to England and his family followed chuaigh sé go Sasana agus chuaigh a chlann ina dhiaidh, chuaigh sé go Sasana agus lean a theaghlach é
4 verb along road, path, etc TRANSITIVElean verb follow the path through the woods lean an cosán tríd an gcoill 5 verb go alongside TRANSITIVEgabh le taobh VPlean verb gabh le hais VPcoinnigh le PhrV the road follows the river gabhann an bóthar le taobh na habhann, leanann an bóthar an abhainn 6 verb signs, directions, etc TRANSITIVElean verb we followed the signs for Sligo leanamar na comharthaí do ShligeachI'm no good at following directions níl aon mhaitheas ionam ag leanúint treoracha 7 verb watch carefully TRANSITIVElean verb fair verb súil a choinneáil ar VP his eyes followed the knife choinnigh sé súil ar an scianI followed his progress across the room d'fhair mé é ag déanamh a shlí trasna an tseomra 8 verb rules, advice, etc TRANSITIVElean verb cloígh le PhrV follow the guidelines lean na treoirlínte, cloígh leis na treoirlínteshe never followed the rules níor lean sí na rialacha riamhfollow my advice glac le mo chomhairlehe wouldn't follow my advice ní dhéanfadh sé mo chomhairleI'm following a strict diet tá mé ar aiste dhocht bia 9 verb happen after sth INTRANSITIVEa very busy week followed bhí seachtain an-ghnóthach ann ina dhiaidh sinpass the test and success will surely follow faigh pas sa scrúdú agus níl dabht ach go mbeidh rath ort ina dhiaidhlunch followed soon after níorbh fhada go raibh an lón ann, bhí an lón ann go gairid ina dhiaidh sinthere followed a period of decline tháinig tréimhse meatha ina dhiaidh sinin the days that followed sna laethanta ina dhiaidh sinworse was to follow bhí níos measa le teachtwe didn't understand what was to follow níor thuigeamar a raibh le teacht
TRANSITIVEtar i ndiaidh lean verb the term is followed by a month's holiday tagann saoire míosa i ndiaidh an téarma, leanann saoire míosa an téarmathe soup was quickly followed by the main meal tháinig an príomhchúrsa díreach i ndiaidh an anraitha shout followed by a kick drove her away chuir béic agus cic ina diaidh an ruaig uirthi
10 verb as consequence of TRANSITIVEtar i ndiaidh tar sna sála arit follows allegations about his private life tagann sé sna sála ar líomhaintí faoina shaol pearsanta 11 verb in list, sequence, etc INTRANSITIVElean verb it sold well and further books followed bhí díol maith air agus tháinig leabhair eile ina dhiaidhthe fees are as follows is iad seo a leanas na táillíthere'll be pasta with fish to follow beidh pasta ann agus iasc ina dhiaidhwhat follows is a résumé of the story seo thíos achoimre ar an scéal
TRANSITIVElean verb tar i ndiaidh VP tar sa tóin ar VPthe letter was soon followed by another tháinig litir eile ina diaidh gan rómhoill
12 verb do same as sb TRANSITIVElean le PhrV téigh le PhrV he followed his father's trade lean sé le ceird a athar, chuaigh sé le ceird a atharshe won, following her mother who did so in 1954 bhuaigh sí, dála a máthar a rinne amhlaidh sa bhliain 1954to follow sb's example (also to follow sb's lead) sampla duine a leanúint, aithris a dhéanamh ar dhuinehe followed his brother into the quarry business lean sé a dheartháir isteach i ngnó an chairéil, chuaigh sé le gnó an chairéil mar a rinne a dheartháir roimhe
INTRANSITIVEwhere Germany leads Ireland will soon follow ní fada go mbeidh Éire ag leanúint shampla na Gearmáine
13 verb chosen course TRANSITIVEto follow your dream d'aisling a fhíorúshe moved to New York to follow her dream bhog sí go Nua Eabhrac lena haisling a fhíorúshe decided to follow her instincts shocraigh sí déanamh de réir mar a bhraith sí ina croí istighto follow your heart dul de réir do chroí, mian do chroí a leanúint 14 verb career etc TRANSITIVEgabh le PhrV téigh le PhrV he followed a career in law chuaigh sé leis an dlí, chuaigh sé le dlíI knew what career I wanted to follow bhí a fhios agam cén ghairm bheatha a bhí uaim 15 verb as result TRANSITIVEit follows from this that they're enemies is dá thoradh seo atá siad ina naimhdeit follows that ... fágann sé sin go ... 16 verb take interest in TRANSITIVEsuim a bheith agat i VPsuim a chur i VP lean verb I don't follow boxing níl suim agam sa dornálaíochtwe followed his progress with great interest chuireamar an-spéis sa dul chun cinn a bhí á dhéanamh aigewhat team do you follow? cén fhoireann a leanann tú? 17 verb religion, belief, etc TRANSITIVElean de PhrV cloígh le PhrV cleacht verb I still follow the old customs leanaim de na sean-nósanna fóswe can follow whatever faith we please is féidir linn cloí lenár rogha creideamh 18 verb observe and recount TRANSITIVElean verb trácht ar PhrV cur síos a dhéanamh ar VP the programme follows his attempt to find a job leanann an clár a iarracht ar phost a fháilthe story follows a family on the breadline leanann an scéal teaghlach ar an ngannchuid 19 verb understand TRANSITIVEtuig verb lean verb do you follow me? an dtuigeann tú leat mé?I can't follow what he's saying ní féidir liom a bhfuil á rá aige a thuiscint, ní thuigim cad é atá sé a ráthe instructions are easy to follow tá na treoracha éasca a thuiscint, tá na treoracha furasta a leanúintthe accent is difficult to follow tá sé deacair an chanúint a thuiscint 20 verb happen in particular way TRANSITIVEit's following a pattern tá patrún ag baint leisall the assaults follow a clear pattern tá patrún soiléir ag baint leis na hionsaithe ar fad 21 verb COMP link etc TRANSITIVElean verb follow the link lean an nasc 22 verb COMP on social medium TRANSITIVElean verb