find
verb
1 verb locate by looking TRANSITIVEfaigh verb tar ar PhrV aimsigh verb I finally found the car fuair mé an carr faoi dheireadh, tháinig mé ar an gcarr ar deireadh, d'aimsigh mé an carr sa deireadhno trace has been found of the missing aeroplane níl tásc ná tuairisc ar an eitleán atá ar iarraidhshe was nowhere to be found ní raibh iomrá ar bith uirthi, ní raibh tuairisc ar bith uirthiwe soon found him again ba ghearr gur thángamar air arísthe rules can be found by clicking on the link below is féidir teacht ar na rialacha ach cliceáil ar an nasc thíos 2 verb COMP using search function TRANSITIVEaimsigh verb Taispeáin iontráil iomlán
3 verb get sth you need TRANSITIVEfaigh verb tar ar PhrV aimsigh verb it's hard to find a good mechanic is deacair meicneoir maith a fháil, is doiligh teacht ar mheicneoir maithI failed to find work theip orm obair a fháildid you find the time to do that? ar éirigh leat an t-am a fháil chun é sin a dhéanamh?we could find room for another bed in here d'fhéadfaimis leaba eile a chur isteach anseohe's gone to find a ladder tá sé ar shiúl le dréimire a fháil, tá sé imithe ag cuardach dréimirefind me a pen faigh peann domcan you find me a seat please? an bhféadfá suíochán a fháil dom le do thoil?more information can be found at ... is féidir tuilleadh eolais a fháil ag ...; gheobhaidh tú tuilleadh eolais ag ...we must find ways to motivate the staff caithfimid teacht ar bhealaí leis an bhfoireann a spreagadh 4 verb come across unexpectedly TRANSITIVEfaigh verb tar ar PhrV I found a €100 note on the ground tháinig mé ar nóta €100 ar an talamh, fuair mé nóta €100 ar an talamhlook what I found! amharc cad é a fuair mise!, féach cad atá faighte agamsa!the bodies were found upstairs thángthas ar na coirp thuas staighre, fuarthas na coirp thuas staighre 5 verb learn, discover TRANSITIVEaithin verb feic verb faigh amach PhrV I found that I was wrong d'aithin mé go raibh mé contráilte, chonaic mé go raibh mé mícheartshe found she hadn't her purse with her fuair sí amach nach raibh a sparán léithey were surprised to find how easy it was chuir sé ionadh orthu cé chomh furasta agus a bhí séshe opened the door only to find Pól on the street d'oscail sí an doras agus cé a bhí roimpi ar an tsráid ach Pólshe looked at the clock and found it was time to go d'fhéach sí ar an gclog agus thug faoi deara go raibh sé in am aici imeacht 6 verb realise, come to believe TRANSITIVEaithin verb feic verb tabhair faoi deara VP you'll find that I'm right feicfidh tú go bhfuil an ceart agamI find that children need a good example feictear dom gur gá dea-shampla a thabhairt do pháistíI found that those things don't matter chonacthas dom gur chuma faoi na rudaí sin 7 verb establish by research etc TRANSITIVEfaigh amach the researchers found that the water was clean fuair na taighdeoirí amach go raibh an t-uisce glanthis is what we found seo an rud a fuaireamar amachno evidence of this nature was found ní bhfuarthas fianaise ar bith den chineál seo, níor aimsíodh aon fhianaise mar seothe survey found that ... fuarthas amach sa suirbhé go ... 8 verb consider, judge TRANSITIVEhow did you find him today? conas mar a bhí sé inniu, dar leat?how do you find the fish? an dtaitníonn an t-iasc leat?, an bhfuil an t-iasc ceart go leor?how did you find the exam? céard a cheap tú den scrúdú?, cén chaoi a ndeachaigh an scrúdú?she's finding life difficult tá sí ag streachailt leis an saol, tá an saol ag dul crua uirthiyou won't find it easy at the start ní go réidh a thiocfaidh sé leat i dtosach báire, ní bheidh sé éasca agat ag an túsI find that interesting sílim go bhfuil sé sin suimiúilyou'll find it useful beidh sé úsáideach agatI found it hard to do that bhí sé deacair orm é sin a dhéanamh, chuaigh sé crua orm é sin a dhéanamhI find it hard to believe that ... is deacair dom a chreidiúint go ... 9 verb LAW record verdict
TRANSITIVEfaigh verb she was found guilty fuarthas ciontach íthe court found that it was so chinn an chúirt gurbh amhlaidh a bhí
INTRANSITIVEthe jury found for the defendant thug an giúiré breithiúnas i bhfabhar an chosantóra
10 verb encounter TRANSITIVEfaigh verb tar ar PhrV you'll find similar ceremonies in many cultures gheobhaidh tú deasghnátha cosúla i gcuid mhór cultúrcome to Sligo where you'll find a hearty welcome tar go Sligeach mar a gcuirfear fáilte is céad romhat 11 verb come to know (way, path etc) TRANSITIVEfinally he found his calling tháinig sé ar a ghairm sa deireadhwe must find our way to achieving that ní mór dúinn bealach a fháil chun é sin a chur i gcríchhe found God d'aimsigh sé Diawill you ever find it in your heart to forgive him? (also will you ever find it in yourself to forgive him?) an mbeidh tú in ann maithiúnas a thabhairt dó choíche?, an bhfaighidh tú ionat féin go deo maithiúnas a thabhairt dó? 12 verb experience (feeling, quality) TRANSITIVEthis is the only place where I can find peace seo an t-aon áit amháin a bhfuil suaimhneas le fáil agamshe found the courage to speak bhí sé de mhisneach aici labhairt, fuair sí uchtach labhairtthe play found favour with the audience thaitin an dráma leis an lucht féachanathey found only hardship and poverty níl raibh le fáil acu ach cruatan agus bochtaineacht 13 verb hit (target) TRANSITIVEbuail verb aimsigh verb he failed to find the target theip air an sprioc a aimsiúnoun
14 noun COMP 'search' functionaimsigh 15 noun sth/sb discoveredthese are rare finds is annamh a fhaightear a leithéidí seothe notebook was a real lucky find for them bhí an t-ádh dearg orthu teacht ar an leabhar nótaíthey made an interesting find tháinig siad ar rud spéisiúil