An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: Jew · dew · fee · fen · fez · hew · mew · new · pew · sew
  • EN > GA
  • GA > EN

few

1. determiner small number of2. determiner not many3. pronoun small number4. adjective small in number
phrases
1 determiner small number ofcúpla  c m uroinnt  c m ubeagán  c m udornán  c m uthere were guards every few metres bhí gardaí gach cúpla méadarI went for the first few nights chuaigh mé ann an chéad chúpla oíchein the last few days le cúpla lá anuas, le laethanta beaga anuasshe scored the last few points scóráil sí an dornán cúilíní deireanacha, scóráil sí na cúilíní beaga deireanachathe next few days will be interesting beidh an chéad chúpla lá eile spéisiúilthe past few years have been hard on him tá rudaí dian air le roinnt blianta anuasit changed a lot in the past few months d'athraigh sé go mór le cúpla mí anuasthe memory of those few days will never fade ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an dornán laethanta sin
► (with indefinite article, 'a few')
a few animals survived tháinig roinnt ainmhithe slánhe had a few complaints about his manager bhí dornán gearán aige faoina bhainisteoirwait a few more days fan cúpla lá eile, fan cúpla lá sa bhreisthey'll get a few more scoring opportunities beidh cúpla deis scórála eile acua few new rules are needed tá roinnt rialacha nua de dhítha few days later cúpla lá ina dhiaidh sin
2 determiner not manyfew people stay here is beag duine a fhanann anseothere are very few prizes this year tá fíorbheagán duaiseanna ann i mbliana, is beag duais atá ann i mblianait's one of the few cities I like tá sí ar an mbeagán cathracha a thaitníonn liomit was one of the few times I spoke to him bhí sé ar cheann den líon beag babhtaí ar labhair mé leishe's a man of few words fear dúnárasach é, fear é nach labhraíonn móránprecious few of the visitors ever spoke to us is ar éigean a labhair aon duine de na cuairteoirí linn riamhit's strange so few people have heard of it is aisteach a laghad daoine a chuala faoi, tá sé ait nár chuala níos mó daoine faoitoo few people work there ní oibríonn go leor daoine annall too few people read it anymore is beag duine a léann é anois, is fánach an duine a léann a thuilleadh é
Taispeáin iontráil iomlán 
3 pronoun small numberfew are leaving is beag duine atá ag fágáil, corrdhuine atá ag imeachtfew would disagree with you ní easaontódh mórán leatfew of the students are finding work is beag duine de na mic léinn atá ag fáil oibrethose brave few who fight on an dornán beag cróga sin a throideann i gcónaíof the few that are available, two are very old as an mbeagán atá ar fáil, tá beirt acu an-seanthere are precious few like him these days níl ach fíorbheagán dá shórt ann ar na saolta seoI have precious few of them left is beag acu atá fágtha agamwe owe so much to so few tá an oiread sin tuillte uainn ag líon chomh beag, tá comaoin chomh mór sin curtha orainn ag líon chomh beagtoo few are willing to help níl dóthain daoine sásta cuidiú, níl go leor daoine sásta cabhrú
► (with indefinite article, 'a few')
a few of them are sick tá roinnt díobh breoite, tá dornán díobh tinna few of us went to America chuaigh ladhar againn go Meiriceá, chuaigh cuid againn go Meiriceámost were strong, a few were weak bhí a bhformhór láidir, agus roinnt bheag acu lag
4 adjective small in numberthe advantages of the system are few is beag buntáiste a bhaineann leis na gcórasthey're ignored because they're few in number déantar neamhaird orthu toisc a laghad acu a bheith ann
phrases

as few as

as few as half the pupils passed the exam níor éirigh ach le leath na ndaltaí sa scrúdúthere were as few as ten of us at first ní raibh ach deichniúr againn ann ar dtúswe sold as few as a hundred copies níor dhíolamar ach céad cóip

few and far between

her visits are few and far between is annamh a thagann sí ar cuairt, ní minic a bhíonn sí ar cuairt, is tearc iad a cuid cuairteannagood ideas are few and far between tá smaointe maithe chomh hannamh le sneachta sa samhradh

to have had a few

(also

to have had a few too many

) informalbraon a bheith faoin bhfiacail agatbraon a bheith ar bord agatbraon a bheith istigh agatglincín a bheith sa ghrágán agathe goes crazy when he's had a few téann sé le báiní agus braon ar bord aige

to name but a few

(also

to mention but a few

) informalgan ach roinnt bheag a luagan ach beagán a lua

quite a few

(also

a good few

, not a few

literary) 1 fairly large number ofroinnt mhaithcuid mhaithcuid mhór  c m ugo leor  c m uthey asked quite a few people to help d'iarr siad ar roinnt mhaith daoine cuidiú a thabhairtthere were quite a few cars parked outside bhí cuid mhaith carranna páirceáilte taobh amuigh 2 a fairly large numberroinnt mhaithcuid mhaithcuid mhór  c m ugo leor  c m uthere were quite a few there bhí roinnt mhaith annshe had discovered quite a few of them bhí roinnt mhaith acu aimsithe aici

some few

1 fair number ofroinnt bheag  c m udornán  c m ushe died some few years before the war fuair sí bás tamall de bhlianta roimh an gcogadh 2 pronoun: a fair numberroinnt  c m ucuid  c m udornán  c m ushe had enemies, including some few of her relatives bhí naimhde aici, roinnt dá gaolta féin san áireamh

Iontrálacha Gaolmhara

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile