different
1 not sameéagsúil adj2 cmudifriúil adj2 cmu there were different people there bhí daoine éagsúla ann, bhí daoine difriúla ann she felt different after she got the new job mhothaigh sí athrú inti nuair a fuair sí an post nua he sounded different on the phone ní aithneofá é ar an nguthán, níorbh ionann é ar an nguthán the water tasted different bhí blas difriúil ar an uisce, bhí blas eile ar an uisce everybody seems to say something different bíonn a scéal féin ag gach duine, is cosúil the requirements are different for each web browser bíonn riachtanais éagsúla ag gach brabhsálaí idirlín they're very different from each other tá siad an-difriúil le chéile, tá siad an-éagsúil le chéile, níl cosúlacht ar bith eatarthu understanding a language is different from speaking a language ní hionann teanga a thuiscint agus teanga a labhairt, is mór idir teanga a thuiscint agus teanga a labhairt his style was very different to Seán's bhí a stíl siúd an-difriúil le stíl Sheáin, bhí an-difear idir a stíl siúd agus stíl Sheáin, ba mhór idir a stíl siúd agus stíl Sheáin it was no different to what he was used to at home ní raibh aon difríocht idir é agus an rud a chleacht sé ag baile, ba mhar a chéile aige é agus an baile, ní raibh difear ar bith idir é agus an rud a raibh sé cleachta leis sa bhaile his new book isn't much different to his other books is beag idir a leabhar nua agus na cinn eile leis a different matter (also nó a different story) scéal eilescéal eile ar fad that's a different story! sin scéal eile!, scéal eile ar fad é sin! she was good at maths, but languages were a different matter altogether bhí sí go maith ag an matamaitic, ach scéal eile ar fad ba ea teangacha as different as chalk and cheese the twins are as different as chalk and cheese níl cosúlacht dá laghad ag an gcúpla le chéile, níl dealramh ná dúchas ag an gcúpla le chéile, tá difear lá agus oíche idir an cúpla to feel (like) a different person informalneamhfhoirmeálta she felt like a different person bean eile ar fad a bhí inti, bhí sí ina bean nua as an bpíosa, bhí sí ina brín óg to know different they thought he was a saint, but she knew different shíl siad gur naomh a bhí ann, ach bhí a fhios aici féin nárbh ea; shíl siad gur naomh a bhí ann, ach bhí fios a mhalairte aicise he knows different now because I told him so! tá an fhírinne ar eolas anois aige, a bhuíochas sin domsa! no different she felt no different after the injection ba mhar a chéile a bhí sí tar éis di an t-instealladh a fháil, níor chuir an t-instealladh aon athrú uirthi you and I are no different níl aon difear idir mise agus tusa, is mar a chéile an bheirt againne, is ionann an bheirt againne that's different 1 not the sameis scéal eile é sinsin scéal eilení hionann é I like running, but a marathon, that's different is breá liom a bheith ag rith, ach maratón a rith, sin scéal eile; is breá liom a bheith ag rith, ach scéal eile ar fad maratón a rith Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...