í
cmu 1. Úsáidtear í chun tagairt do bhean nó do chailín ar leith sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. (A) mar chuspóir gnáthbhriathair chonaic siad í ní aithním í níor gortaíodh í nuair a íocfar í an féidir libh í a chloisteáil? ba mhaith leo í a stopadh (B) mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha b'fhearr leo í a bheith ciúin (C) mar ainmní na copaile is ealaíontóir í / ealaíontóir is ea í ní maith leo í ba as an gceantar céanna í is í an t-úinéir ní hí is measa 'An í an buaiteoir?' 'Is í.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail is í a roghnaigh iad is í a roghnaigh siad ní hí a thosaigh an raic déarfainn gurbh í ba chúis leis, ceart go leor nach í féin a scríobh é? (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir í agus an doras beidh siad go breá gan í gach duine ach í 2. Úsáidtear í chun tagairt d'ainmhí baineann ar leith sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. cuireadh ar ais sa chró í 3. Úsáidtear í chun tagairt d'ainmfhocal baininscneach ar leith sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. bhris an fhuinneog nuair a buaileadh í fuair mé do litir ach níor léigh mé í fós leánn seacláid nuair a théitear í beir leat an eangach, ní fiú dul gan í Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...