iadsan
cmu 1. Úsáidtear iadsan chun tagairt le treise do dhaoine ar leith nuair a bhítear ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. cé, muidne nó iadsan? Maratón a rith? Iadsan? tá a fhios agam, ach iadsan? - ní thuigim sin ó, a dhiabhail, iadsan arís! 'Cé a bhuaigh?' 'Iadsan.' (A) mar chuspóir gnáthbhriathair phioc sé iadsan romhainne thit Áine agus Seán freisin, ach níor gortaíodh iadsan ba mhaith léi iadsan a chur isteach inár n-áitne (B) mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha b'fhearr linn iadsan a bheith ciúin (C) mar ainmní na copaile is foghlaimeoirí iadsan / foghlaimeoirí is ea iadsan ní maith leis iadsan ba as an gceantar céanna iadsan is iadsan na húinéirí ní hiadsan is measa orthu sílim gurb iadsan na daoine cearta chuige, ní muidne 'An iadsan na buaiteoirí?' 'Is iad.' 'An saineolaithe iadsan?' 'Is ea.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail iadsan a roghnaigh é / is iadsan a roghnaigh é iadsan a roghnaigh sí / is iadsan a roghnaigh sí ní hiadsan a thosaigh an raic déarfainn gurbh iadsan ba chúis leis, ceart go leor nach iadsan féin a scríobh é? 'An iadsan a bhuaigh?' 'Is iad.' (E) mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir iadsan agus an doras beimid go breá gan iadsan gach duine ach iadsan 2. Úsáidtear iadsan chun tagairt le treise do rudaí ar leith nuair a bhítear ag dealú idir rudaí difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. coinnigh iadsan ach caith amach an chuid eile iadsan na cinn a bhí sa reic 3. Úsáidtear iadsan chun tagairt le treise do dhuine aonair ar leith nuair nach léir nó nach sonraítear cé acu fireannach nó baineannach atá i gceist nuair a bhítear ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. cibé duine a bhíonn ag tiomáint, is iadsan a bhíonn freagrach 4. Úsáidtear iadsan chun tagairt le treise do dhuine neamh-dhénártha ar mhaith leo gur mar sin a dhéanfaí tagairt dóibh nuair a bhítear ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. iadsan a toghadh mar cheannaire Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...