Similar words :

éadrom

 cmu
adjective, 1st declensionaidiacht, 1ú díochlaonadh (nom.m. a.f. éadrom; nom.f. ; a.b. éadrom; gen.m. ; g.f. éadroim; gen.f. ; g.b. éadroime; nom.pl. ; a.i. éadroma; gen.pl. ; g.i. éadroma/éadrom; comp./super. ; breis/sár éadroime) 1. Má tá rud éigin éadrom, níl mórán meáchain ann nó níl sé chomh trom agus a cheapfá. tá sé an-éadrom le hiompar tá sé chomh héadrom le cleite / tá sé chomh héadrom le sop 2. Má tá dath éadrom ar rud éigin, tá dath an-gheal nó dath geal bán air. corcra éadrom 3. meteorologymeitéareolaíochtMá tá gaoth nó báisteach éadrom ann, níl an ghaoth sin róláidir nó níl an bháisteach sin róthrom. bhí fearthainn éadrom ann ar feadh an lae beidh idir ghaoth éadrom agus ghaoth mheasartha ann 4. Is ionann obair éadrom agus obair nach bhfuil mórán dua ag baint léi. 5. Is ionann gluaiseachtaí agus gníomhartha atá éadrom agus cinn a dhéantar go réidh agus le gan ach beagán fórsa. buaileadh cnag éadrom ar an doras in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago héadrom leag sé a lámh ar a gualainn go héadrom shiúil sí go héadrom trasna an tseomra 6. Má deir tú go bhfuil rud éigin ar nós leabhair nó scannáin éadrom, tá tú ag rá go bhfuil sé taitneamhach agus nach gá duit smaoineamh go ródhomhain ar an ábhar iontu. léitheoireacht éadrom atá sa leabhar 7. Má tá rud éigin éadrom, tá sé in ainm a bheith taitneamhach agus spraíúil agus gan bheith ródháiríre ar chor ar bith. caitheamh aimsire éadrom 8. medicineleigheasIs ionann tinneas nó riocht sláinte éadrom agus cinn nach bhfuil róláidir nó róthromchúiseach. tá fliú éadrom uirthi míchumas éadrom 9. Má tá ceo nó deatach éadrom, níl mórán den cheo nó den deatach sin ann agus is féidir rudaí a fheiceáil tríothu. d'éirigh an ceobhrán ní b'éadroime
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...