tríú ... déag
Is ionann an tríú duine nó rud déag agus an duine nó rud a chomhaireann tú mar uimhir a trí déag nó mar an 13ú duine nó rud i sraith nó in ord. le 'an' roimhe an tríú botún beag déag / an tríú hearráid bheag déag an tríú lá déag den agóid an tríú ceann déag sa tsraith sa tríú céad déag / sa tríú haois déag den tríú huair déag ar an tríú hurlár déag tar éis an tríú clár beo déag ba ise an tríú duine déag a cháiligh seo an tríú cluiche déag acu an tríú cathair déag is mó ar domhan chríochnaigh sé sa tríú háit déag ón deireadh gan 'an' roimhe seo a dtríú cluiche déag tríú postáil Ghaeilge déag na bliana an tríú cuid déag Mar chodán, is ionann an tríú cuid déag agus 1/13 de rud nó ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina thrí chuid chothrom déag. an tríú cuid déag den bhuiséad an tríú lá déag Úsáidtear an tríú lá déag nuair a bhítear ag tagairt don 13ú lá i mí ar leith mar dháta. an tríú lá déag d'Eanáir Dé Luain, an tríú lá déag de Lúnasa tá sí ag teacht ar an tríú lá déag tar éis an tríú lá déag Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...