tríú
cmu 1. Is ionann an tríú duine nó rud agus an duine nó rud a chomhaireann tú mar uimhir a trí nó mar an 3ú duine nó rud i sraith nó in ord. le 'an' roimhe an tríú botún beag / an tríú hearráid bheag an tríú lá den agóid an tríú ceann sa tsraith sa tríú céad / sa tríú haois den tríú huair ar an tríú hurlár tar éis an tríú clár beo ba ise an tríú duine a cháiligh seo an tríú cluiche acu an tríú cathair is mó ar domhan chríochnaigh sé sa tríú háit ón deireadh gan 'an' roimhe seo a dtríú cluiche tríú postáil Ghaeilge na bliana le 'is' agus iolraithe de 10 an tríú huair is fiche tús an tríú bliain is caoga (gen.sg. g.u. tríú; nom.pl. ; a.i. tríthe; gen.pl. ; g.i. tríthe) 2. Mar chodán, is ionann aon tríú nó 1/3 de rud agus ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina thrí chuid chothrom. aon tríú de shoicind dhá thríú den bhuiséad an tríú cuid Mar chodán, is ionann an tríú cuid agus 1/3 de rud nó ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina thrí chuid chothrom. an tríú cuid den bhuiséad an tríú lá Úsáidtear an tríú lá nuair a bhítear ag tagairt don 3ú lá i mí ar leith mar dháta. an tríú lá d'Eanáir Dé Luain, an tríú lá de Lúnasa tá sí ag teacht ar an tríú lá tar éis an tríú lá an tríú lá is fiche Úsáidtear an tríú lá is fiche nuair a bhítear ag tagairt don 23ú lá i mí ar leith mar dháta. an tríú lá is fiche d'Eanáir Dé Luain, an tríú lá is fiche de Lúnasa tá sí ag teacht ar an tríú lá is fiche tar éis an tríú lá is fiche an tríú lá fichead Úsáidtear an tríú lá fichead nuair a bhítear ag tagairt don 23ú lá i mí ar leith mar dháta. an tríú lá fichead d'Eanáir Dé Luain, an tríú lá fichead de Lúnasa tá sí ag teacht ar an tríú lá fichead tar éis an tríú lá fichead Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...