Similar words :

muidne

 cmu
Personal pronoun, 1st person pluralForainm pearsanta, 1ú pearsa iolra Úsáideann tú muidne chun tagairt le treise do ghrúpa ina bhfuil tú féin agus duine nó daoine eile nuair a bhíonn tú ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. cé, muidne nó iadsan? Maratón a rith? Muidne? tá a fhios agam, ach muidne? - ní thuigim sin ó, a dhiabhail, muidne arís! 'Cé a bhuaigh?' 'Muidne.' (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá muidne réidh ach níl siadsan ní dhéanfaidh muidne é ar cháiligh muidne freisin? b'fhearr leo muidne a bheith ciúin (B) mar chuspóir gnáthbhriathair phioc sé muidne rompusan thit mé féin agus Seán freisin ach níor gortaíodh muidne ba mhaith léi muidne a chur isteach in bhur n-áitse (C) mar ainmní na copaile is foghlaimeoirí muidne / foghlaimeoirí is ea muidne ní maith leis muidne ba as an gceantar céanna muidne is muidne na húinéirí ní muidne is measa orthu sílim gur muidne na daoine cearta chuige, ní hiadsan 'An muidne na buaiteoirí?' 'Is sibh.' 'An lánbhaill muidne?' 'Is ea.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail muidne a roghnaigh í / is muidne a roghnaigh í muidne a roghnaigh sí / is muidne a roghnaigh sí ní muidne a thosaigh an raic déarfainn gur muidne ba chúis leis, ceart go leor nach muidne féin a scríobh é? 'An muidne a bhuaigh?' 'Is sibh.' (E) mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir muidne agus an doras beidh siad go breá gan muidne gach duine ach muidne
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...