Similar words :

muid

 cmu
Personal pronoun, 1st person pluralForainm pearsanta, 1ú pearsa iolra Úsáideann tú muid chun tagairt do ghrúpa ina bhfuil tú féin agus duine nó daoine eile sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá muid gnóthach ní thiocfaidh muid ar ais ar thit muid inár gcodladh? b'fhearr leo muid a bheith ciúin (B) mar chuspóir díreach gnáthbhriathair chonaic sé muid ní aithníonn sí muid níor gortaíodh muid nuair a íocfar muid an féidir leat muid a chloisteáil? ba mhaith leo muid a stopadh (C) mar ainmní na copaile is ealaíontóirí muid / ealaíontóir is ea muid ní maith leis muid is an gceantar céanna muid is muid na húinéirí ní muid is measa 'An sibh na buaiteoirí?' 'Is muid.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail is muid a roghnaigh iad is muid a roghnaigh siad ní muid a thosaigh an raic déarfainn gur muid ba chúis leis, ceart go leor nach muid féin a scríobh é? (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir muid agus an doras beidh siad go breá gan muid gach duine ach muid
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...