Similar words :

chun

 cmu
prepositionréamhfhocal 1. Úsáideann tú chun roimh ainm briathartha nó roimh fhrása ainm briathartha nuair a bhíonn tú ag rá cad é an cuspóir nó feidhm atá le gníomh nó le rud ar leith. le hainm briathartha leis féin, san ainmneach tháinig siad abhaile chun vótáil glacaim leis go dtéann siad ann chun foghlaim tá cúpla duine ag teacht chun cabhrú linn d'oscail sé an doras chun imeacht le frása ainm briathartha brúigh an cnaipe chun an doras a oscailt chuamar amach chun aer úr a fháil chuir sí ar ais sa chás iad chun iad a choimeád sábháilte ghlaoigh siad orm chun a rá liom nach raibh sí ar fáil áit chun bagáiste a stóráil le frása ainm briathartha a thosaíonn le 'go', 'nach' cuir téacs chugam chun nach ndéanfaidh mé dearmad tháinig mo chara liom chun go mbeadh comhluadar agam cúpla téitheoir chun nach mbeimid fuar 2. Úsáideann tú chun roimh ainm briathartha nó roimh fhrása ainm briathartha nuair a bhíonn tú ag rá cad atá ar intinn ag duine a dhéanamh nó cad atá duine nó rud ar tí a dhéanamh. le hainm briathartha leis féin, san ainmneach bhí mé chun fanacht go dtí an Luan níl tú chun géilleadh, an bhfuil? cheap mé go raibh sí chun titim le frása ainm briathartha nílimse chun faic a rá maidir leis sin an bhfuil tú chun a rá léi? tá an rud ar fad chun titim as a chéile ní raibh a fhios agam go raibh sí chun gearán a dhéanamh 3. Úsáideann tú chun nuair a bhíonn tú ag léiriú áit ar leith a bhfuil duine nó rud ag dul chuige nó ag bogadh ina threo. Bíonn an t-alt roimh an ainmfhocal de ghnáth sa chás sin agus bíonn an t-ainmfhocal sa ghinideach. chuamar chun na trá téann a lán daoine óga chun na hAstráile ar a mbealach chun na hoibre tá mé ag dul síos chun na leabharlainne 4. In am an chloig, úsáideann tú chun roimh mhaoluimhir a bhfuil 'a' roimpi nuair a bhíonn tú ag léiriú am atá níos lú ná tríocha nóiméad roimh an uair. fiche chun a sé tá sé ceathrú chun a hocht anois
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...