Similar words :

chuig

 cmu Usage NoteNóta Úsáide
prepositionréamhfhocal Ní dhéantar aon athrú tosaigh ar an bhfocal a thagann i ndiaidh chuig. Féach an nóta úsáide chun eolas a fháil maidir leis an struchtúr chuig + an t-alt uatha + ainmfhocal (+ aidiacht).The word after chuig does not undergo any initial mutation. See the usage note for information on the chuig + singular article + noun (+ adjective) structure. 1. Úsáideann tú chuig roimh áit, rud, duine, srl, chun a léiriú go bhfuil duine nó rud éigin ag dul ina dtreo nó ag dul chomh fada leo. tiomáint ar aghaidh chuig leataobh agus páirceáil ansin shiúil sí anonn chuig an doras tá mé ag dul ar ais chuig an oifig chuir mé cárta chuici cuir chugam ar an ríomhphost é is féidir an capall a thabhairt chuig an tobar ach ... le hainmfhocal agus aidiacht, gan an t-alt chuig bean ghnóthach chuig fear gnóthach le hainmfhocal agus aidiacht, leis an alt chuig an mbean ghnóthach / chuig an bhean ghnóthach chuig an bhfear gnóthach / chuig an fhear ghnóthach chuig an tsráid mhór chuig an seomra mór / chuig an tseomra mhór 2. Má théann tú chuig duine gairmiúil nó chuig duine a bhfuil údarás, saineolas nó taithí ar leith acu, msh dochtúir, dlíodóir, Garda, srl, téann tú chucu chun rud éigin a phlé leo nó chun cabhair, comhairle nó cóireáil de chineál éigin a fháil uathu. ba cheart duit dul chuig an dochtúir leis sin chuir sí chuig comhairleoir mé bhagair siad dul chuig na Gardaí faoi 3. Má théann tú chuig imeacht ar leith, téann tú chuig an áit a bhfuil an t-imeacht sin ag tarlú chun freastal air nó bheith páirteach ann. tá slua mór ag dul chuig an gcluiche tá mé ag dul chuig cruinniú anseo táimid ag dul chuig bainis ag deireadh na seachtaine PhrasesNathanna teacht chugat féin Má thagann tú chugat féin tar éis tinnis, gortaithe, suaite, srl, éiríonn tú níos fearr nó níos láidre arís go dtí go mbíonn tú mar a bhí tú sular tharla cibé rud a tháinig ort. tá sí fós ag teacht chuici féin i ndiaidh na timpiste ... seo chugainn Úsáideann tú seo chugainn chun tagairt don chéad lá ar leith, mí, bliain, féile, srl, atá chun tarlú tar éis an ama a bhfuil tú ag caint nó ag scríobh. Dé Máirt seo chugainn faoi lár na seachtaine seo chugainn fanfaimid go dtí an bhliain seo chugainn an samhradh seo chugainn an Cháisc seo chugainn seo chugainn ... Úsáideann tú seo chugainn ... chun a rá go bhfuil duine nó rud éigin ag teacht nó ar tí tarlú, go háirithe nuair a bhíonn tú ag súil leis sin. seo chugainn anois iad seo chugainn an bháisteach arís seo chugainn an cúpla focal anois
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...