amhrasach
cmu (nom.m. a.f. amhrasach; nom.f. ; a.b. amhrasach; gen.m. ; g.f. amhrasaigh; gen.f. ; g.b. amhrasaí; nom.pl. ; a.i. amhrasacha; gen.pl. ; g.i. amhrasacha/amhrasach; comp./super. ; breis/sár amhrasaí) 1. Má tá tú amhrasach faoi rud éigin, níl tú cinnte faoi nó tá tú idir dhá chomhairle faoi. tá mé amhrasach an mbeidh sí anseo in am bhí sé amhrasach faoi thorthaí an scrúdaithe in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago hamhrasach 'Nílim cinnte,' ar sise go hamhrasach. 2. Má deir tú go bhfuil rud éigin amhrasach, tá tú ag rá nach bhfuil sé iomlán ionraic, réasúnta nó inghlactha. fianaise an-amhrasach a bhí inti scóráil siad cúilín amhrasach 3. Má deir tú go bhfuil duine nó rud éigin amhrasach, tá tú ag rá go bhfuil rud éigin fúthu a spreagann amhras ionat go bhfuil baint acu le rud éigin mí-ionraic nó coiriúil. bhí cuma amhrasach ar an mbuíon sa lána pacáiste amhrasach tá rud éigin amhrasach ag dul ar aghaidh anseo 4. Má tá tú amhrasach faoi dhuine nó faoi rud, níl aon iontaoibh agat astu agus bíonn tú ar d'airdeall nuair a bhíonn tú ag plé leo. bheith amhrasach faoi dhuine/rud bhí sí amhrasach faoin seandréimire in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago hamhrasach chomhair sé a shóinseáil go hamhrasach 'Cad é sin?' a d'fhiafraigh sí go hamhrasach. Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...