Similar words :

amhras

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. amhrais) 1. Is ionann amhras faoi rud éigin agus éiginnteacht faoin rud sin, sa chaoi nach bhfuil a fhios an bhfuil sé fíor nó indéanta. Má deir tú nach bhfuil aon amhras faoi rud éigin, tá tú ag rá go bhfuil tú cinnte go bhfuil sé fíor. níl aon amhras go bhfillfidh sé / níl aon amhras ach go bhfillfidh sé / níl aon amhras nach bhfillfidh sé tá an-amhras uirthi faoi seo níl amhras dá laghad orm faoi amhras a chaitheamh ar dhuine/rud / amhras a chur i nduine/rud / amhras a tharraingt ar dhuine/rud tá mé in amhras an dtiocfaidh sí amárach / tá mé san amhras an dtiocfaidh sí amárach 2. Má tá amhras ar dhaoine faoi dhuine nó faoi rud éigin, nó má tá amhras ann fúthu, ceapann daoine nach bhfuil siad ionraic ná iontaofa. bhí amhras air chuir an scéala amhras uirthi go ... tháinig amhras uirthi tá amhras agam orthu / tá mé in amhras orthu tá mé in amhras fúithi le fada 3. An staid nó an cás a bhíonn i gceist nuair a cheaptar go bhfuil coir nó rud éigin éagórach déanta ag duine, cé nach bhfuil fianaise ghlan leis sin bheith faoi amhras bheith saor ó amhras an bhean atá faoi amhras sa chás / an bhean a bhfuil amhras fúithi sa chás 4. Creideamh nó barúil go bhfuil coir nó rud éagórach déanta ag duine, uaireanta nuair nach bhfuil fianaise ghlan leis sin bhí amhras ann nach ag insint na fírinne a bhí sí gabhadh í ar amhras go ndearna sí dúnmharú PhrasesNathanna gan amhras 1. Má deir tú go bhfuil rud éigin fíor gan amhras, tá tú ag treisiú go bhfuil an rud sin fíor go cinnte. gan amhras ar bith 2. Baineann tú úsáid as gan amhras nuair a chreideann tú go mbeidh rud éigin ar eolas cheana féin ag an duine a bhfuil tú ag caint leo.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...