mark
noun
1 noun stain, patchlorg masc1 smál masc1 it leaves a mark fágann sé smál, fágann sé lorgthere was a paint mark on the wall bhí lorg péinte ar an mballa 2 noun damage to surfacelorg masc1 rian masc1 marc masc1 it made a burn mark on it d'fhág sé lorg dó airyou could see the bullet marks bhí loirg na bpiléar le feiceáilShow full entry
3 noun distinctive spot on human, animalball masc1 lorg masc1 it has a black mark on its neck tá ball dubh ar a mhuineál 4 noun bruise, woundlorg masc1 it left a red mark on her leg d'fhág sé lorg dearg ar a costhere wasn't a mark on him ní raibh marc ná mairg air 5 noun symbol, writingmarc masc1 lorg masc1 the bowl had strange marks on it bhí marcanna aite ar an mbabhlahe made a pencil mark on the map chuir sé marc ar an mapa le peann luaidhesign or make your mark here sínigh nó cuir do mharc anseo 6 noun token, signcomhartha masc4 as a mark of gratitude mar chomhartha buíochaisas a mark of respect mar chomhartha measa, mar chomhartha ómóis 7 noun characteristiccomhartha masc4 it's one of the marks of a gambler tá sé ar cheann de chomharthaí an chearrbhaighit bears the marks of a Roman house tá an chosúlacht air gur teach Rómhánach atá ann 8 noun lasting impressionrian masc1 lorg masc1 she wants to make her mark on the school ba mhaith léi a rian a fhágáil ar an scoilthe illness left its mark on her d'fhág an tinneas a lorg uirthito stamp your mark on sth lorg do láimhe a fhágáil ar rudhe made his mark in politics thuill sé clú dó féin i gcúrsaí polaitíochtathe country still bears the marks of war tá rian an chogaidh ar an tír go fóill 9 noun ED, GAMES grade, scoremarc masc1 she got a low mark fuair sí marc ísealthe pass mark is 40% 40% an pasmharc10 marks out of 10 10 marc as 10 10 noun point on scalewhen they reached the ten kilometre mark nuair a bhain siad deich gciliméadar amachit's coming up to the hour mark tá beagnach uair an chloig caitethey stopped at the halfway mark stop siad nuair a bhí siad leath bealaighit hit the €1000 mark bhain sé an €1000 amach 11 noun oven settingmarc masc1 gas mark 4 gásmharc 4 12 noun SPOR targetsprioc fem2 marc masc1 the shot found its mark d'aimsigh an t-urchar an sprioc 13 noun gullible personbogán masc1 14 noun currencymarg masc1 15 noun COMM trademark, symbolmarc masc1 comhartha masc4 16 noun SPOR catchmarc masc1
verb
17 verb cause stain, blemish TRANSITIVEsmál a fhágáil ar lorg a fhágáil ar smálaigh verb the tea marked the tablecloth d'fhág an tae smál ar an éadach boirdthe wheels might mark the lawn d'fhéadfadh na rothaí lorg a fhágáil ar an léana 18 verb become stained INTRANSITIVEthe leather marks easily is furasta smál a fhágáil ar an leathar 19 verb discolour, disfigure TRANSITIVEher back was marked with blood bhí lorg fola ar a droimhis skin was marked with scars bhí coilm ar a chraiceann 20 verb paint, draw etc TRANSITIVEmarcáil verb he marked a line on the wall mharcáil sé líne ar an mballa 21 verb label TRANSITIVEmarcáil verb it was marked 'Personal' bhí 'Pearsanta' marcáilte airmark the ballot paper with an X marcáil X ar an bpáipéar ballóideI marked it for deletion mharcáil mé air go raibh sé le scriosadh 22 verb indicate location of TRANSITIVEmarcáil verb a plaque marks the spot where it happened tá plaic ag marcáil an bhaill inar tharla sé, tá plaic san áit ar tharla séhis grave is marked with a cross tá cros ar a uaighthe river marks the boundary is í an abhainn an chríoch 23 verb characterise TRANSITIVEthe work marked him as an expert léirigh an saothar gur shaineolaí éit marks you as unreliable cuireann sé an chuma ort nach bhfuil tú iontaofathe period was marked by brutality ba thréimhse bhrúidiúil é 24 verb correct, grade work, test TRANSITIVEmarcáil verb to mark an exam scrúdú a mharcáilthe answer was marked as incorrect marcáladh mar fhreagra mícheart é 25 verb give grade, score INTRANSITIVEmarcáil verb to mark high marc ard a thabhairt 26 verb SPOR stay close to player TRANSITIVEmarcáil verb she's being tightly marked tá sí á marcáil go dlúth 27 verb celebrate, commemorate TRANSITIVEceiliúir verb comóir verb a party was organised to mark his birthday eagraíodh cóisir chun a bhreithlá a cheiliúradhto mark sb's death bás duine a chomóradh 28 verb signify TRANSITIVEthis marks the end of the project seo deireadh an tionscadailit marked a turning point in his life ba chor cinniúnach ina shaol é 29 verb record TRANSITIVEmarcáil verb cláraigh verb attendance is marked in the book marcáiltear sa leabhar cé a bhíonn i láthairshe was marked absent cláraíodh go raibh sí as láthair