cover
verb
1 (also cover up) verb put sth over sth TRANSITIVEclúdaigh verb cumhdaigh verb clúdach a chur ar VP to cover a wound cneá a chlúdach, clúdach a chur ar chneáthe bed was covered with a quilt bhí an leaba clúdaithe le cuilt, bhí cuilt ag cumhdach na leapa, bhí cuilt ar an leabashe covered her eyes chlúdaigh sí a súile, chuir sí a lámha ar a súilehe covered his face with his hands chlúdaigh sé a éadan lena lámha, chuir sé a lámha ar a aghaidh, chumhdaigh sé a éadan lena lámhathey covered the hole with leaves chlúdaigh siad an poll le duilleoga
2 verb be on top of TRANSITIVEsheets covered the furniture bhí braillíní os cionn an troscáin, bhí an troscán clúdaithe le braillíní, bhí braillíní ar an troscán, bhí braillíní anuas ar an troscánShow full entry
3 verb put new covering on sth TRANSITIVEclúdaigh verb cumhdaigh verb she covered the chairs chlúdaigh sí na cathaoireacha 4 verb be all over sth TRANSITIVEposters covered the walls bhí na ballaí clúdaithe le póstaeir, bhí na ballaí lán de phóstaeir, bhí na ballaí brataithe le póstaeirher back was covered in tattoos bhí a droim clúdaithe le tatúnna, bhí a droim lán tatúnna, bhí a droim brataithe le tatúnnaforests cover the island tá an t-oileán clúdaithe le foraoisí, tá foraoisí ar fud an oileáin, tá an t-oileán faoi bhrat foraoisethe mountains were covered with snow bhí na sléibhte faoi bhrat sneachta 5 verb deal with, be about TRANSITIVEclúdaigh verb cumhdaigh verb the exhibition covers the history of dance clúdaítear stair an damhsa sa taispeántasthis module covers the Great Famine clúdaítear an Gorta Mór sa mhodúl seo, pléann an modúl seo leis an nGorta Mórit covers how to write a CV clúdaíonn sé an chaoi le CV a scríobhhe disagreed with regulations covering family visits d'easaontaigh sé le rialacháin a bhain le cuairteanna teaghlaighdivorce is covered by legislation tagann colscaradh faoin reachtaíocht, tá reachtaíocht ann a bhaineann le colscaradhthe contract covers how the work should be done clúdaíonn an conradh an bealach ar cheart an obair a dhéanamh, clúdaítear an bealach ar cheart an obair a dhéanamh sa chonradh 6 verb report on TRANSITIVEclúdaigh verb cumhdaigh verb all the papers have covered the story tá an scéal clúdaithe sna nuachtáin ar fad, tá an scéal sna nuachtáin ar fadhe was covering the election for the newspaper bhí sé ag cumhdach an toghcháin don nuachtán, bhí sé ag scríobh faoin toghchán sa nuachtán 7 verb pay for TRANSITIVEdíol verb íoc verb he covered the bills dhíol sé na billí, d'íoc sé na billíher parents covered the deposit dhíol a cuid tuismitheoirí an éarlaisit wasn't enough to cover the electricity bill níor leor é leis an mbille leictreachais a dhíol, níor leor é chun díol as an mbille leictreachaisyour salary should cover living expenses ba cheart gur leor do thuarastal chun costais mhaireachtála a íoc, ba cheart go gclúdódh do thuarastal costais mhaireachtála, ba cheart gur leor do thuarastal chun íoc as do chostais mhaireachtála 8 verb FIN of insurance TRANSITIVEclúdaigh verb cumhdaigh verb the insurance will cover it clúdóidh an t-árachas éthe car is covered against any damage tá an carr clúdaithe in aghaidh damáiste ar bith 9 verb travel distance TRANSITIVEtaistil verb cuir díot they covered twenty miles thaistil siad fiche míle, chuir siad fiche míle díobh 10 verb MUS sing sb else's song TRANSITIVEthey cover U2 songs canann siad leaganacha d'amhráin U2, ceolann siad amhráin de chuid U2 11 (also cover up) verb conceal TRANSITIVEceil verb cuir i bhfolach VP folaigh verb to cover up the truth an fhírinne a cheiltshe covered the scar with make-up chuir sí an colm i bhfolach le smideadh, chlúdaigh sí an colm le smideadh 12 verb with gun TRANSITIVEclúdaigh verb cumhdaigh verb I'll cover this side of the house clúdóidh mise an taobh seo den teach, cumhdóidh mise an taobh seo den teachcover my back ná lig dóibh mé a scaoileadh sa droim, coimhéad mo chúlkeep me covered, I'm going in coinnigh béal do ghunna orthu, tá mé ag dul isteach 13 verb SPOR mark (player) TRANSITIVEmarcáil verb fair verb he was covered by two players bhí beirt imreoirí á mharcáil, bhí beirt imreoirí á fhaire, bhí beirt imreoirí air
noun
14 noun sth that hides, protects, closesclúdach masc1 cumhdach masc1 he removed the plastic cover from the box bhain sé an clúdach plaisteach den bhoscathey put a metal cover over the open hearth chuir siad cumhdach miotail ar an teallach oscailtemattress cover clúdach tochta 15 noun of book, CD, etcclúdach masc1 album cover clúdach albaimwhat's on the cover? cad é atá ar an gclúdachshe was on the cover of the magazine bhí sí ar chlúdach na hirise, bhí sí ar leathanach tosaigh na hiriseit's on the cover of the new CD tá sé ar chlúdach an dlúthdhiosca nuahe read it from cover to cover léigh sé é ó chlúdach go clúdach, léigh sé é ó thús go deireadhhard cover clúdach crua 16 noun fabric on furnishings etcclúdach masc1 cumhdach masc1 17 noun protection, shelterfoscadh masc1 fothain fem3 there was no cover ní raibh foscadh ar bith ann, ní raibh aon fhothain ann, ní raibh scáth ar bith annthe animals are under cover tá na hainmhithe taobh istigh, tá na hainmhithe faoi dhíonhe fled under cover of darkness theith sé leis i ndorchadas na hoíche, theith sé leis faoi choim na hoíchehe ran for cover rith sé le dul ar foscadh, chuaigh sé ar an bhfoscadhshe took cover at the bus stop chuaigh sí ar foscadh ag stad an bhushe broke cover tháinig sé amach as a chró folaigh, d'éirigh sé as a leaba dhearg, d'fhág sé a nead cluthar 18 noun trees, plants etcclúdach masc1 brat masc1 the mountain has no tree cover níl aon chrann ag fás ar an gcnoc 19 noun (also insurance cover) FIN insuranceclúdach masc1 clúdach árachais árachas masc1 they're looking for cover for the house tá siad ag iarraidh clúdach árachais a fháil don teach, tá siad ag iarraidh árachas a chur ar an teachhe has medical cover tá árachas sláinte aigethe policy provides cover against theft cuireann an polasaí árachas ar fáil in aghaidh gadaíochta, clúdaíonn an polasaí árachais gadaíocht 20 noun (also cover version) MUS version of songleagan masc1 they sang a cover of a Bob Dylan song chan siad leagan d'amhrán de chuid Bob Dylan 21 noun concealment, fronthis anger was only a cover for his disappointment ní raibh ina chuid feirge ach bealach lena dhíomá a cheilt, folach ar a dhíomá ba ea an fheargthe salon is a cover for a brothel teach striapachais faoi cheilt atá sa salón, teach striapachais atá sa salón i ndáirírethe charity was a cover for criminal activity bealach a bhí sa charthanacht le coiriúlacht a choinneáil faoi cheiltthe business is just a cover cur i gcéill atá sa ghnó, níl sa ghnó ach cur i gcéillthe peace talks are a cover for discussing other things is seift atá sna cainteanna síochána le cúrsaí eile a phléhe went in under cover of buying a house chuaigh sé isteach agus é ag ligean air go raibh sé ag ceannach tí 22 noun story to hide identityis it all just a cover? an cur i gcéill ar fad atá ann?she blew his cover sceith sí air, rinne sí scéala airhe's under cover tá obair faoi choim ar bun aige, tá sé ag obair faoi rún 23 noun protection from gun attackfoscadh masc1 fothain fem3 cosaint fem3 they dived for cover chaith siad iad féin ar an talamh le go mbeadh foscadh acu, chaith siad iad féin ar an talamh le hiad féin a chosaintthe wall gave cover to the gunmen bhí an balla ag tabhairt foscadh do na fir ghunna, bhí cosaint ag na fir ghunna faoin mballa 24 noun replacement serviceclúdach masc1 cumhdach masc1 the company pays for temporary cover díolann an comhlacht as cumhdach sealadachthey provide emergency cover cuireann siad clúdach éigeandála ar fáil, cuireann siad cumhdach ar fáil i gcás éigeandála 25 noun FOOD place in restaurantáit suí covers were laid for nine réitíodh áit suí do naonúr, leagadh bord do naonúr 26 noun (US) FOOD cover chargetáille sheirbhíse 27 noun BUS-ADM envelopeit was sent to me under separate cover seoladh chugam é i gclúdach ar leiththe cheque was sent under plain cover cuireadh an seic amach i ngnáthchlúdach litreach