Similar words :

um

Usage NoteNóta Úsáide
prepositionréamhfhocal Bíonn séimhiú ar fhocail a thagann i ndiaidh an réamhfhocail um má thosaíonn siad le c, d, f, g, st. Ní dhéantar aon athrú tosaigh ar fhocail a thosaíonn le litreacha eile. Féach an nóta úsáide chun eolas a fháil maidir leis an struchtúr um + an t-alt uatha + ainmfhocal (+ aidiacht). The word after the preposition um is lenited if it begins with c, d, f, g, s or t. Words that begin with other letters don't undergo any initial mutation. See the usage note for information on the um + singular article + noun (+ adjective) structure. 1. formalfoirmeálta governmentrialtas, lawdlíSa reachtaíocht agus sa teanga fhoirmeálta, is ionann acht, roinn, coimisiún, srl, um rud ar leith agus cinn a bhaineann nó a dhéileálann leis an rud sin nó atá freagrach as an rud sin. polasaí um chosaint leanaí na treoirlínte um dhea-chleachtas na rialacháin um próiseáil sonraí an tAcht um Shaoráil Faisnéise an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine le hainmfhocal agus aidiacht, gan an t-alt um chleachtas gairmiúil um chosaint dhlíthiúil le hainmfhocal agus aidiacht, leis an alt um an gcleachtas gairmiúil / um an chleachtas ghairmiúil um an gcosaint dhlíthiúil / um an chosaint dhlíthiúil um an soláthar poiblí / um an tsoláthar phoiblí um an tseirbhís phoiblí 2. Má tharlaíonn nó má dhéantar rud éigin um am ar leith, is ag an am sin nó timpeall an ama sin a tharlaíonn nó a dhéantar é. beidh mé ann um thráthnóna tagann siad abhaile um Nollaig 3. Má tá éadaí, bróga, srl, um dhuine, tá siad á gcaitheamh ag an duine sin. ní raibh aon bhróga um an mbean eile cuirigí umaibh bhur gcótaí, a leanaí! murach go raibh clogad umam
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...