tú
cmu Úsáideann tú tú chun tagairt don duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair leis an ainm briathartha;mar ainmní na copaile roimh an bhfaisnéis;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá tú gnóthach ní thiocfaidh tú ar ais ar thit tú i do chodladh? b'fhearr leo tú a bheith ciúin (B) mar chuspóir gnáthbhriathair leis an ainm briathartha an féidir leis tú a chloisteáil? ba mhaith leo tú a stopadh (C) ainmní na copaile, roimh an bhfaisnéis is tú an t-úinéir ní tú is measa 'An mé an buaiteoir?' 'Is tú.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail is tú a roghnaigh iad is tú a roghnaigh siad ní tú a thosaigh an raic nach tú féin a scríobh é? (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir tú agus an doras beidh siad caillte gan tú gach duine ach tú → thú Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...