Similar words :

trí

1 cmu Usage NoteNóta Úsáide
prepositionréamhfhocal Bíonn séimhiú ar an bhfocal a thagann i ndiaidh an réamhfhocail trí. Athraíonn trí go dtí tríd roimh an alt uatha an. Féach an nóta úsáide chun eolas a fháil maidir leis an struchtúr trí + an t-alt uatha + ainmfhocal (+ aidiacht). Déantar cumasc idir trí agus na haidiachtaí sealbhacha a agus ár i bhfoirm trína agus trínár faoi seach, agus déantar cumasc idir trí agus na míreanna coibhneasta a agus ar i bhfoirm trína agus trínar faoi seach.The word after the preposition trí is lenited. trí becomes tríd before the singular article an. See the usage note for information on the trí + singular article + noun (+ adjective) structure. trí combines with the possessive adjectives a and ár to form trína and trínár respectively, and with the relative particles a and ar to form trína and trínar respectively. 1. Is ionann dul trí rud éigin agus dul isteach sa rud sin ar thaobh amháin de agus teacht amach arís ar an taobh eile de. chuaigh an piléar trí dhíon an tí thochail siad aníos tríd an urlár chuala mé glórtha tríd an doras brúigh an briogún tríd an iasc nuair a théann x-gha trí do chorp cuireann siad fáinne trína srón le hainmfhocal agus aidiacht, gan an t-alt trí chumhdach crua trí ghloine thiubh le hainmfhocal agus aidiacht, leis an alt tríd an gcumhdach crua / tríd an chumhdach chrua tríd an ngloine thiubh / tríd an ghloine thiubh tríd an seomra mór / tríd an tseomra mhór tríd an tsráid chiúin 2. Is ionann dul trí áit ar leith, msh baile, ceantar nó tír, agus taisteal trasna na háite sin nó san áit sin. téann tú trí Shligeach ar an mbealach téann an bus tríd an eastát 3. Má bhogann tú trí ghrúpa rudaí nó trí mhais de rud éigin, bíonn na rudaí nó an rud sin ar cheachtar taobh díot nó thart timpeall ort. bhrúigh sé a bhealach tríd an slua bhí orainn siúl anonn tríd an uisce 4. Is ionann gluaiseacht trí oscailt, poll, píopa, srl agus gluaiseacht díreach ó thaobh amháin go dtí an taobh eile díobh. d'eitil sé amach trí fhuinneog a bhí oscailte tá uisce ag sceitheadh trí pholl beag san umar bhí an bhearna cúng ach d'éirigh liom teacht tríthi 5. Is ionann dul trí a lán rudaí, nó trí rud éigin ar nós liosta a bhfuil a lán míreanna ann, agus breathnú ar gach rud nó mír acu ceann ar cheann. rachaidh mé trí mo chuid nótaí arís chuaigh mé tríd an liosta go cúramach téann siad trí na gluaiseachtaí cúpla uair léigh mé tríd an script 6. Má bhaineann tú cuspóir nó sprioc amach trí rud ar leith a dhéanamh, is é an rud ar leith sin a chuireann ar do chumas an cuspóir nó sprioc sin a bhaint amach. cláraigh do vóta trí thic a chur sa bhosca cuí is féidir leat tacú linn tríd an achainí ar líne a shíniú sábhálann siad airgead trí ghearradh siar ar a seirbhísí is trí bheith ag labhairt le daoine amháin a thuigeann tú a gcás is trí phlé agus trí idirbheartaíocht a réitíodh é 7. Más trí rud éigin fánach nó diúltach, msh timpiste, earráid nó faillí, a tharlaíonn rud ar leith nó a dhéantar gníomh ar leith, is mar gheall ar an rud fánach nó diúltach sin a tharlaíonn sé nó a dhéantar é. tháinig mé air trí thimpiste trí earráid a cuireadh chuici iad éiríonn cuid acu as trí leisciúlacht 8. Is ionann gníomhaíocht nó imeacht trí theanga ar leith agus cinn arb í an teanga ar leith sin a úsáidtear lena linn. imeachtaí trí Ghaeilge déanaim mo ghnó trí Ghaeilge ann bíonn sí ag múineadh trí Fhraincis PhrasesNathanna tríd is tríd Úsáideann tú tríd is tríd chun a chur in iúl go bhfuil ráiteas, achoimre nó tuairim ar leith fíor go ginearálta ach go mb'fhéidir nach bhfuil siad fíor go hiomlán nó i ngach cás. bíonn daoine báúil tríd is tríd Eorpaigh is ea iad tríd is tríd tá siad mar an gcéanna tríd is tríd tríd is tríd, d'éirigh leis an bpolasaí seo tríd is tríd, thaitin an cúrsa liom

trí

2 cmu
cardinal numberbunuimhir 1. Úsáidtear an bhunuimhir trí roimh ainmfhocal nuair a bhíonn 3 rud i gceist. le hainmfhocal san uatha de ghnáth trí chathaoir i dtrí áit tá trí chuid ann tá siad trí cm ar fad chosain sé trí nó ceithre dhollar trí bhosca trom / trí bhosca throma formalfoirmeálta trí mhí ghnóthach / trí mhí ghnóthacha formalfoirmeálta freagair na trí cheist údair na dtrí dhráma na trí úll dearg / na trí úll dhearga formalfoirmeálta na trí oíche fhuar / na trí oíche fhuara formalfoirmeálta le hainmfhocail ar leith a bhíonn san iolra leis na bunuimhreacha 3-10 agus 13-19 trí huaire trí bliana d'aois na trí seachtaine gnóthacha meáchan na dtrí cinn bheaga i ndátaí i dtrí chéad a trí déag i bhfrásaí cáilitheacha siúlóid trí chiliméadar sraith trí chuid suim trí fhigiúr léas trí bliana 2. Úsáidtear an bhunuimhir trí roimh ainmfhocal nuair a bhíonn 3 dhuine i gceist. le hainmfhocal san uatha tá trí phrintíseach acu na trí reathaí atá fágtha i bhfrásaí cáilitheacha scoil trí mhúinteoir number wordmaoluimhir 3. Úsáidtear an mhaoluimhir trí léi féin nuair a bhíonn an uimhir 3 i gceist i bhfigiúirí áirithe, msh sa chomhaireamh, i ndátaí agus in aois daoine. sa chomhaireamh, i bhfigiúirí trí faoin gcéad comhaireamh i dtríonna chosain sé trí nó ceathair de dhollair i ndátaí i dtrí fiche a haon sa bhliain trí seasca a dó in aois daoine páistí faoi thrí masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. trí; nom.pl. ; a.i. tríonna; gen.pl. ; g.i. tríonna) 4. Úsáidtear trí mar ainmfhocal chun tagairt d'fhigiúr 3 ar leith in uimhir. tá an trí ar iarraidh cá mhéad trí atá ann? tá náid i ndiaidh an trí 5. gamescluichíÚsáidtear trí mar ainmfhocal chun tagairt do scór nó do chárta ar leith a bhfuil luach 3 leo i gcluiche, comórtas, srl. tá dhá thrí aige an trí muileata tá trí dúbailte ag teastáil uaithi SubformsSainfhoirmeacha → a trí→ a Trí→ trí- PhrasesNathanna trí cinn Úsáidtear trí cinn chun tagairt do ghrúpa nó do sciar de rudaí ar leith nuair is 3 rud san iomlán a bhíonn sa ghrúpa nó sa sciar sin. tá trí cinn fágtha sa bhosca na trí cinn atá ordaithe trí cinn de ríomhairí glúine bhris trí cinn acu / bhris trí cinn díobh
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...