toil
cmu (gen.sg. g.u. tola) 1. Más é toil duine nó grúpa daoine rud ar leith, is mian leo an rud sin a dhéanamh. beidh toil dhaingean ag teastáil uait chun é a dhéanamh is é toil Dé é 2. Is ionann toil duine agus an rud atá siad ag iarraidh a bhaint amach nó an bealach a bhfuil siad ag iarraidh an rud sin a bhaint amach. ba é a toil é más toil leat é rinneadh de réir a thola le do thoil (also nó más é do thoil é) Is féidir leat le do thoil a rá nuair a bhíonn tú ag iarradh a bheith dea-bhéasach agus tú ag iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh nó nuair a bhíonn tú ag tabhairt cuireadh dóibh rud éigin a dhéanamh. dhá chupán tae, le do thoil ná caith tobac, le do thoil de do thoil féin Má dhéanann tú gníomh nó gníomhaíocht de do thoil féin, déanann tú iad toisc go roghnaíonn tú iad a dhéanamh seachas go dtugtar ort iad a dhéanamh. d'aon toil Is ionann freagra nó cinneadh d'aon toil agus freagra nó cinneadh a n-aontaíonn gach duine de ghrúpa daoine leo nó a vótálann gach duine ar a son, gan aon duine ag easaontú. glacadh leis an rún d'aon toil in aghaidh do thola (also nó in éadan do thola) Má dhéanann tú rud éigin in aghaidh do thola, déanann tú an rud sin cé nach bhfuil tú ag iarraidh é a dhéanamh ar chor ar bith. Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...