Similar words :

thar

 cmu Usage NoteNóta Úsáide
prepositionréamhfhocal Bíonn séimhiú ar an bhfocal a thagann i ndiaidh an réamhfhocail thar nuair is duine nó rud ar leith nó ainmfhocal cáilithe a bhíonn i gceist, msh léim sí thar chlochchuamar thar theach mór. Nuair is tagairt ghinearálta a bhíonn i gceist, áfach, ní bhíonn aon athrú tosaigh ar an ainmfhocal i ndiaidh thar, msh thar sáilethar barr. Féach an nóta úsáide chun eolas a fháil maidir leis an struchtúr thar + an t-alt uatha + ainmfhocal (+ aidiacht).The word after the preposition thar is lenited when referring to a particular person or thing or to a qualified noun, for example léim sí thar chloch or chuamar thar theach mór. In references of a general nature, however, the noun after thar does not undergo any initial mutation, for example thar sáile or thar barr. See the usage note for information on the thar + singular article + noun (+ adjective) structure. 1. Má théann tú thar dhuine nó thar rud, téann tú gar dóibh agus leanann tú ort ag bogadh go dtí go mbíonn siad taobh thiar díot. téann an bus thar an teach s'againne gach uair a théann sé thar gharáiste bhí na carranna ag dul tharainn ar nós na gaoithe thiomáin sé ar aghaidh tharam le hainmfhocal agus aidiacht, gan an t-alt thar chaifé beag thar bhialann mhór le hainmfhocal agus aidiacht, leis an alt thar an gcaifé beag / thar an chaifé bheag thar an mbialann mhór / thar an bhialann mhór thar an séipéal Caitliceach / thar an tséipéal Chaitliceach thar an tsráid chúng 2. Má tá nó má théann rud amháin thar rud eile, tá nó téann an chéad rud díreach os cionn an dara rud agus ó thaobh amháin go dtí an taobh eile de. le spás idir an dá rud tá droichead thar an abhainn ansin bhí orainn léim thar shruthán chuaigh an liathróid thar an trasnán ghortaigh sí í féin ag léim thar bhalla chrom sé thar an deasc chun lámh a chroitheadh liom bhí siad ag breathnú isteach thar an gclaí gan spás idir an dá rud cuir an strapa thar do ghualainn bhí tarpól tharstu chuir sí blaincéad tharam chuaigh an roth cúil thar a chos 3. Má ghluaiseann rud éigin thar limistéar, achar nó teorainn, gluaiseann siad ó thaobh amháin go dtí an taobh eile díobh. bíonn siad anonn agus anall thar an teorainn theith siad thar na sléibhte ar a n-aistear thar Mhuir Éireann thar farraige / thar muir 4. Má théann nó má tá rud éigin thar theorainn, marc nó pointe ar leith, téann sé nó tá sé níos faide ná an teorainn, marc nó pointe sin. bhí an liathróid thar an líne ná gabh thar aon mharcóir teorann ní raibh cead agat dul thar chúig chiliméadar ó do theach bhí an t-uisce thar mo choim orm 5. Má tá duine nó rud thar mhéid, tomhas nó aois ar leith, tá siad níos mó nó níos airde ná an méid, tomhas nó aois sin. tá an siopa thar mhíle ar shiúl daoine thar dhaichead bliain d'aois tá sé thar chúig clocha déag rud ar bith thar 70% 6. Má roghnaítear nó má rangaítear duine nó rud ar leith thar dhuine nó thar rud eile, tugtar tosaíocht nó tús áite don chéad rud nó duine sin i gcomparáid leis an duine nó leis an rud eile. phioc siad an gorm thar an uaine b'fhearr liom eisean thar aon iarrthóir eile 7. Má thagraíonn tú do dhuine nó do rud ar leith thar dhaoine nó thar rudaí eile, tá tú ag treisiú go bhfuil an duine nó rud sin speisialta nó suntasach ar bhealach éigin. inniu thar aon lá eile thar aon duine eile, ná tabhair cuireadh dósan! thar gach rud a d'fhéadfadh siad a dhéanamh 8. Má tá rud éigin le cloisteáil thar rud eile, tá an chéad rud sin níos soiléire nó níos glóraí ná an rud eile. chuala mé a ghuth thar an mbéicíl go léir bhí sé deacair í a chloisteáil thar an torann ar a cúl 9. Má tharlaíonn rud éigin thar thréimhse ar leith, tarlaíonn sé le linn na tréimhse sin. feicfidh mé thar an Nollaig iad am éigin thar an deireadh seachtaine thar na blianta PhrasesNathanna thar a bheith adverbial phrasefrása dobhriatharthaÚsáideann tú an frása thar a bheith roimh aidiacht nó roimh dhobhriathar chun a threisiú go bhfuil an tréith nó cáilíocht a léiríonn an aidiacht nó dobhriathar sin i gceist go han-láidir nó go han-suntasach. tionscadal thar a bheith costasach is ea é bhí sé thar a bheith éifeachtach tá sí thar a bheith muiníneach tá siad ag obair thar a bheith dian thairis sin adverbial phrasefrása dobhriatharthaÚsáideann tú an frása thairis sin chun eolas nó tuairim a chur i láthair a chuireann nó a thacaíonn leis an ráiteas roimhe sin. thairis sin, tá Fraincis líofa aici tá siad óg, agus thairis sin, níl aon taithí acu thar aon rud eile Úsáideann tú an frása thar aon rud eile chun a threisiú go bhfuil rud ar leith níos tábhachtaí ná rudaí eile. bhí sí ag iarraidh a bheith cothrom thar aon rud eile thar aon rud eile, roghnaigh téama a bhfuil suim agat ann
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...