Similar words :

sruthlaigh

 cmu
verbbriathar (pr. láith. sruthlaíonn; fut. ; fáist. sruthlóidh; past ; caite shruthlaigh; cond. ; coinn. shruthlódh; vb.n. ; ainm br. sruthlú) 1. ++ cookingcócaireachtNuair a shruthlaíonn tú rud éigin, níonn tú in uisce glan é chun salachar nó gallúnach a bhaint de.transitiveaistreach sruthlaigh do bhéal le huisceintransitiveneamhaistreach 2. Nuair a shruthlaíonn tú leithreas nó nuair a shruthlaíonn leithreas i ndiaidh duit é a úsáid, líontar an babhla le huisce chun é a ghlanadh, de ghnáth trí hanla a bhrú nó slabhra a tharraingt.transitiveaistreach shruthlaigh sé an leithreasintransitiveneamhaistreach níl an leithreas ag sruthlú ná déan dearmad sruthlú! 3. Má shruthlaíonn tú salachar nó substaint dhíobhálach amach as áit, faigheann tú réidh leo trí mhéid mór leachta a úsáid.transitiveaistreach sruthlaítear an chré ar shiúl is féidir é a shruthlú síos sa leithreas 4. Má shruthlaíonn tú ball de do chorp, glanann tú é nó déanann tú níos folláine é trí mhéid mór leachta a úsáid chun fáil réidh le salachar nó le substaintí dochracha.transitiveaistreach 5. Má shruthlaíonn leacht nó má shruthlaíonn tú leacht, bogann sé thart sa choimeádán nó san áit a bhfuil sé.intransitiveneamhaistreachtransitiveaistreach 6. Má shruthlaíonn tú rud éigin, níonn tú é le sruth uisce, msh trí phíobán a úsáid.transitiveaistreach 7. Má shruthlaíonn tú rud éigin, msh urlár, níonn tú é lena lán uisce.transitiveaistreach bhí sé ag sruthlú an urláir le mapa
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...