Similar words :

socair

 cmu
adjectiveaidiacht 1. Má deir tú go bhfuil duine socair, tá tú ag rá go mbíonn siad stuama, ciúin agus fuarchúiseach, go háirithe i gcúinsí deacra. rinne sé ar bhealach deas socair é in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago socair thiomáin sé go socair sa bháisteach 2. Má tá duine nó rud socair, níl siad ag bogadh ar chor ar bith. d'fhan sí socair sa chathaoir bhí an t-uisce socair 3. Is ionann aimsir shocair agus aimsir thaitneamhach nuair nach mbíonn gaoth ar bith, nó mórán gaoithe, ann. 4. Má bhíonn ainmhí socair, bíonn sé ciúin, ní bhíonn sé trodach agus is furasta smacht a chur air. capall socair 5. Má bhíonn áit nó tréimhse socair, ní bhíonn fuadar, gníomhaíocht ná trioblóid san áit sin nó le linn na tréimhse sin. is maith léi saol socair 6. Má tá rud éigin socair, tá sé feistithe go daingean áit éigin agus ní dócha go mbogfaidh nó go dtitfidh sé. seastán a dhéanamh socair 7. Is ionann gluaiseacht shocair agus gluaiseacht a dhéantar gan aon stad tobann nó gan aon athrú treo nó luais. 8. Má tá cás socair, forbraíonn nó leanann an rud sin ar aghaidh de réir a chéile gan bhriseadh agus ní dócha go dtiocfaidh aon athrú tobann air. tá sé i gcaidreamh socair 9. Má bhíonn do ghlór socair, bíonn tú ag labhairt ar bhealach an-stuama a fhágann go mbíonn sé deacair do dhaoine do mhothúcháin a dhéanamh amach. labhair sí de ghlór ciúin socair
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...