Similar words :

sinn

 cmu
Personal pronoun, 1st person pluralForainm pearsanta, 1ú pearsa iolra Úsáideann tú sinn chun tagairt do ghrúpa ina bhfuil tú féin agus duine nó daoine eile sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá sinn gnóthach ní thiocfaidh sinn ar ais ar thit sinn inár gcodladh? b'fhearr leo sinn a bheith ciúin (B) mar chuspóir gnáthbhriathair chonaic sé sinn ní aithníonn sí sinn níor gortaíodh sinn nuair a íocfar sinn an féidir leat sinn a chloisteáil? ba mhaith leo sinn a stopadh (C) mar ainmní na copaile is ealaíontóirí sinn / ealaíontóirí is ea sinn ní maith leis sinn is an gceantar céanna sinn is sinn na húinéirí ní sinn is measa 'An sibh na buaiteoirí?' 'Is sinn.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail is sinn a roghnaigh iad is sinn a roghnaigh siad ní sinn a thosaigh an raic déarfainn gur sinn ba chúis leis, ceart go leor nach sinn féin a scríobh é? (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir sinn agus an doras beidh siad go breá gan sinn gach duine ach sinn
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...