Similar words :

sibhse

 cmu
Personal pronoun, 2nd person pluralForainm pearsanta, 2ú pearsa iolra 1. Úsáidtear sibhse chun tagairt le treise do na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu nuair a bhítear ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. cé, muidne nó sibhse? Maratón a rith? Sibhse? tá a fhios agam, ach sibhse? - ní thuigim sin ó, a dhiabhail, sibhse arís! 'Cé a bhuaigh?' 'Sibhse.' (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá sibhse réidh ach níl siadsan ní dhéanfaidh sibhse é ar cháiligh sibhse freisin? b'fhearr leo sibhse a bheith ciúin (B) mar chuspóir gnáthbhriathair phioc sé sibhse romhainne thit tusa agus Seán freisin ach níor gortaíodh sibhse ba mhaith léi sibhse a chur isteach ina n-áitsean (C) mar ainmní na copaile is foghlaimeoirí sibhse / foghlaimeoirí is ea sibhse ní maith leis sibhse ba as an gceantar céanna sibhse is sibhse na húinéirí ní sibhse is measa orthu sílim gur sibhse na daoine cearta chuige, ní muidne 'An sibhse na buaiteoirí?' 'Is muid.' 'An lánbhaill sibhse?' 'Is ea.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail sibhse a roghnaigh í / is sibhse a roghnaigh í sibhse a roghnaigh sí / is sibhse a roghnaigh sí ní sibhse a thosaigh an raic déarfainn gur sibhse ba chúis leis, ceart go leor nach sibhse féin a scríobh é? 'An sibhse a bhuaigh?' 'Is muid.' (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir sibhse agus an doras beimid go breá gan sibhse gach duine ach sibhse 2. Úsáideann tú sibhse i ndiaidh briathar atá san ordaitheach chun treise a chur le hordú díreach atá á thabhairt agat do na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu. abraigí sibhse léi fanaigí sibhse ar shiúl uathu ná bacaigí sibhse leis sin déanaigí sibhse é, mar sin
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...