Similar words :

seisear

 cmu Usage NoteNóta Úsáide
personal numberuimhir phearsanta 1. Úsáidtear seisear mar uimhir phearsanta roimh ainmfhocail a sheasann do dhaoine, msh fear, bean, páiste, múinteoir, srl, nuair a bhíonn sé dhuine i gceist, cé acu mar ghrúpa le chéile nó mar líon de dhaoine ar leithligh. gan 'an' roimhe bhí seisear Éireannach ann seisear cailíní cumasacha / seisear girseach cumasach obair seisear saoistí broidiúla / obair seisear maor broidiúil scoláireachtaí do sheisear déagóirí le 'an' roimhe cháiligh an seisear Éireannach an seisear cailíní cumasacha / an seisear girseach cumasach obair an tseisear saoistí broidiúla / obair an tseisear maor broidiúil maoiniú don seisear taighdeoirí masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. seisir; nom.pl. ; a.i. seisir; gen.pl. ; g.i. seisear) 2. Sé dhuine, cé acu mar ghrúpa le chéile nó mar líon de dhaoine ar leithligh d'fhág seisear seisear againn / seisear dínn seisear den fhoireann tháinig seisear na hÉireann sa tríú háit oibríonn siad ina seisir lóistín do sheisear grúpaí seisir tá seisear cumasach ansin acu tuarastal seisear cáilithe / tuarastal seisir cháilithe formalfoirmeálta an seisear céanna arís ainmneacha an tseisir chlúitigh 3. Sé rud, ainmhí, srl, cé acu mar ghrúpa in éineacht le chéile nó mar líon de rudaí, ainmhithe, srl, ar leithligh tá seisear fágtha sa bhosca seisear de na scéalta bhris seisear acu / bhris seisear díobh díoltar ina seisir iad
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...