sac
cmu (pr. láith. sacann; fut. ; fáist. sacfaidh; past ; caite shac; cond. ; coinn. shacfadh; vb.n. ; ainm br. sacadh) 1. Má shacann tú rudaí nó daoine isteach in áit nó i gcoimeádán, cuireann tú isteach ansin iad, go garbh agus go gasta de ghnáth, fiú mura bhfuil mórán spáis ann dóibh.transitiveaistreach rud a shacadh isteach i mála shac sé na páipéir isteach sa phrios 2. Má shacann tú rud in áit éigin, cuireann tú ansin é ar bhealach míshlachtmhar.transitiveaistreach shac sí an leabhar suas ar an tseilf 3. Má shacann tú rud nó duine áit éigin, brúnn nó bogann tú ansin iad go tapa agus go garbh.transitiveaistreach shac sé a lámha síos ina phócaí shac siad isteach sa phríosún í ar an bpointe (gen.sg. g.u. saic; nom.pl. ; a.i. saic; gen.pl. ; g.i. sac) 4. anatomyanatamaíocht, botanyluibheolaíocht, zoologyzó-eolaíochtPáirt bheag de chorp ainmhí nó planda atá cosúil le mála beag. Bíonn aer, leacht, nó substaint éigin eile istigh ann. 5. Mála mór déanta as ábhar fite garbh. Úsáidtear saic chun rudaí ar nós glasraí nó guail a iompar nó a stóráil. sac guail an sac a thabhairt do dhuine informalneamhfhoirmeálta employmentfostaíochtMá thugann d'fhostóir an sac duit, insíonn siad duit nach mbeidh tú ag obair leo a thuilleadh toisc go ndearna tú rud éigin nár thaitin leo nó toisc nach bhfuil do chuid oibre maith go leor. Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...