Similar words :

sín

 cmu
verbbriathar (pr. láith. síneann; fut. ; fáist. sínfidh; past ; caite shín; cond. ; coinn. shínfeadh; vb.n. ; ainm br. síneadh) 1. Nuair a shíneann nó nuair a shíntear rud éigin bog nó leaisteach, msh éadach, éiríonn an rud sin níos faide nó níos mó agus níos tanaí, de ghnáth mar go bhfuil sé á tharraingt.transitiveaistreach shín sé an geansaíintransitiveneamhaistreach sínfidh an leathar 2. Nuair a shíneann rud éigin nó nuair a shíneann tú rud éigin, cuirtear le fad an ruda sin.transitiveaistreachintransitiveneamhaistreach 3. Nuair a shíneann rud éigin nó nuair a shíneann tú rud éigin, maireann sé níos faide ná mar a mhair sé roimhe.transitiveaistreachintransitiveneamhaistreach 4. Nuair a shíneann tú do lámh nó do sciathán, bogann tú do lámh nó do sciathán, de ghnáth chun breith ar rud nó chun do lámh a leagan ar rud.transitiveaistreach shín sí a lámh trasna an bhoird shín sé a lámh chun breith ar mo lámhsa 5. Má shíneann tú áit éigin, luíonn tú siar ansin agus ní bhíonn tú i do shuí ná i do sheasamh.intransitiveneamhaistreach shín sí siar sa chathaoir bhí sé sínte ar an urlár 6. Má shíntear duine, buaileann duine iad sa dóigh go dtiteann siad go dtí an t-urlár nó an talamh.transitiveaistreach shín sé lena dhorn mé 7. Má shíneann tú ball de do chorp, searrann tú an ball sin amach díreach agus teannann tú do mhatáin.transitiveaistreach shín sí a géaga 8. Má shíneann tú, searrann tú do ghéaga uilig amach díreach agus teannann tú do mhatáin.intransitiveneamhaistreach síneann siad tar éis gach cluiche 9. Má shíneann tú rud éigin ar nós rópa áit éigin, crochann tú é idir dhá rud nó níos mó.transitiveaistreach 10. Má shíneann tú rud éigin chuig duine éigin, tógann tú i do lámh é agus tugann tú dóibh é.transitiveaistreach sín chugam an salann 11. Má shíneann rud éigin go háit ar leith nó thar achar ar leith, clúdaíonn an rud sin an áit nó an t-achar sin ar fad nó tá sé iontu ar fad.intransitiveneamhaistreach síneann an bóthar úr ó Ghaillimh go Luimneach tá an fharraige ag síneadh go bun na spéire Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ sín amach
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...