Similar words :

séú

 cmu
ordinal numberorduimhir 1. Is ionann an séú duine nó rud agus an duine nó rud a chomhaireann tú mar uimhir a sé nó mar an 6ú duine nó rud i sraith nó in ord. le 'an' roimhe an séú botún beag / an séú hearráid bheag an séú lá den agóid an séú ceann sa tsraith sa séú céad / sa séú haois den séú huair ar an séú hurlár tar éis an séú clár beo ba ise an séú duine a cháiligh seo an séú cluiche acu an séú cathair is mó ar domhan chríochnaigh sé sa séú háit ón deireadh gan 'an' roimhe seo a shéú cluiche séú postáil Ghaeilge na bliana le 'is' agus iolraithe de 10 an séú huair is fiche tús an séú bliain is caoga masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh 2. Mar chodán, is ionann aon séú nó 1/6 de rud agus ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina shé chuid chothrom. aon séú de shoicind cúig shéú den bhuiséad PhrasesNathanna an séú cuid Mar chodán, is ionann an séú cuid agus 1/6 de rud nó ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina shé chuid chothrom. an séú cuid den bhuiséad an séú lá Úsáidtear an séú lá nuair a bhítear ag tagairt don 6ú lá i mí ar leith mar dháta. an séú lá d'Eanáir Dé Luain, an séú lá de Lúnasa tá sí ag teacht ar an séú lá tar éis an séú lá an séú lá is fiche Úsáidtear an séú lá is fiche nuair a bhítear ag tagairt don 26ú lá i mí ar leith mar dháta. an séú lá is fiche d'Eanáir Dé Luain, an séú lá is fiche de Lúnasa tá sí ag teacht ar an séú lá is fiche tar éis an séú lá is fiche an séú lá fichead Úsáidtear an séú lá fichead nuair a bhítear ag tagairt don 26ú lá i mí ar leith mar dháta. an séú lá fichead d'Eanáir Dé Luain, an séú lá fichead de Lúnasa tá sí ag teacht ar an séú lá fichead tar éis an séú lá fichead
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...