Similar words :
••••

rud

  cmu
masculine noun, 3rd declensionainmfhocal firinscneach, 3ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. ruda; nom.pl. ; a.i. rudaí; gen.pl. ; g.i. rudaí) 1. Aon ní neamhbheo a bhfuil cruth buan cinnte air agus ar féidir teagmháil leis nó é a fheiceáil tá gach cineál ruda á dhíol sa siopa rudaí coitianta 2. Is féidir rud a thabhairt ar aon ní, gné, cás, srl, nuair nach féidir nó nuair nach gá tagairt níos sainiúla a dhéanamh dóibh, nó nuair nach mian leat é sin a dhéanamh. bhí rud éigin ag cur as di chuir siad roinnt rudaí leis an téacs tá rudaí aisteacha ag tarlú ó shin i leith d'éirigh rudaí an‑chasta san oifig bímid ag argóint faoi rudaí beaga suaracha SubformsSainfhoirmeacha → an rud PhrasesNathanna rud beag adverbial phrasefrása dobhriatharthaÚsáideann tú rud beag roimh aidiachtaí agus dobhriathra nuair a bhíonn méid beag de cháilíocht éigin i gceist. tá sé rud beag fuar inniu tá sé rud beag cosúil leis an dornálaíocht mothaím rud beag tuirseach inniu rud beag thar fóir bhí rud beag níos mó gruaige uirthi rud beag adjectival phrasefrása aidiachtachÚsáideann tú rud beag roimh ainmfhocal nuair a bhíonn méid beag de rud éigin i gceist. tá rud beag féinsmachta de dhíth air rud beag oibre ós rud é go ... Deir tú ós rud é go ... i bhfianaise rud éigin a tharla nó sula luann tú na cúiseanna nó an míniú a bhaineann le rud éigin. ós rud é gur tú an duine is sine ós rud é go bhfuil a fhios acu cheana féin rud eile de Deir tú rud eile de chun tuairim nó píosa eolais a chur i láthair a thacaíonn le tuairim nó píosa eolais a luadh roimhe nó a chuireann leo. agus rud eile de ... rud eile de, ba cheart dúinn an t‑airgead a thabhairt ar ais rudaí beaga Is féidir rudaí beaga a thabhairt ar ghrúpa rudaí fánacha. níl uaim ach dornán rudaí beaga gach rud Deir tú gach rud chun a léiriú go bhfuil tú ag tagairt do gach ní, gach cuid nó gach gné a bhaineann le cás ar leith. an bhfuil gach rud againn? aontaím le gach rud a dúirt sé dála gach rud eile ar na saolta seo gach aon rud Deir tú gach aon rud chun béim a leagan ar an gcaoi a bhfuil tú ag tagairt do gach ní, gach cuid nó gach gné a bhaineann le cás ar leith. tá gach aon rud ceart go leor d'éirigh thar barr le gach aon rud gach uile rud Deir tú gach aon rud chun béim a leagan ar an gcaoi a bhfuil tú ag tagairt do gach ní, gach cuid nó gach gné a bhaineann le cás ar leith. déanfar gach uile rud chun é a dheisiú an bhfuil gach uile rud ceart go leor? rud a dhéanamh ar dhuine Má dhéanann tú rud ar dhuine, glacann tú le hordú nó le treoir uathu agus déanann tú an rud a iarrann siad ort a dhéanamh.
Loading phrases and examples...