ruaig
cmu (pr. láith. ruaigeann; fut. ; fáist. ruaigfidh; past ; caite ruaig; cond. ; coinn. ruaigfeadh; vb.n. ; ainm br. ruaigeadh) 1. Má ruaigeann tú duine as áit éigin, cuireann tú iallach orthu nó déanann tú rud éigin a thugann orthu imeacht as an áit sin nó teitheadh uaidh, msh bagairt orthu nó foréigean a imirt orthu.transitiveaistreach ruaig sí amach as an seomra mé d'éirigh liom na madraí a ruaigeadh ruaig Naomh Pádraig na nathracha nimhe as Éirinn 2. ++ politicspolaitíochtMá ruaigtear duine nó rud as áit nó as réimse gníomhaíochta, cuirtear ar shiúl iad agus ní ligtear dóibh teacht ar ais ansin.transitiveaistreach ruaigeadh as an bpáirtí í 3. Má ruaigtear duine as post nó as cumhacht, cuirtear iallach ar an duine sin éirí as an bpost sin, nó bristear as an bpost nó as a gcumhacht iad.transitiveaistreach ruaig an lucht bainistíochta as an eagraíocht í 4. Nuair a ruaigtear grúpa daoine, imíonn an grúpa óna chéile agus gabhann siad i dtreonna éagsúla.transitiveaistreach ruaig na póilíní an slua 5. Má ruaigeann tú mothúchán, msh eagla nó imní, déanann tú rud éigin chun nach mbeidh an mothúchán sin ort a thuilleadh nó nach mbeidh tú ag smaoineamh air.transitiveaistreach an imní a ruaigeadh ruaig sé an smaoineamh as a cheann 6. Má ruaigeann tú ainmhithe áit éigin, tugann tú orthu dul i dtreo na háite sin nó treoraíonn tú ann iad.transitiveaistreach (gen.sg. g.u. ruaige) 7. medicineleigheasIs ionann ruaig thinnis agus tamall gearr a mbíonn tú thíos go mór leis an tinneas sin. ruaig thinnis an ruaig a chur ar dhuine 1. Má chuireann tú an ruaig ar dhuine, cuireann tú iallach orthu nó déanann tú rud éigin a chuireann iallach orthu imeacht as áit éigin nó teitheadh ón áit sin, msh bagairt orthu nó foréigean a imirt orthu. chuireamar an ruaig orthu cuirfimid an ruaig ar an namhaid 2. politicspolaitíochtMá chuirtear an ruaig ar dhuine, díbrítear as áit nó as réimse gníomhaíochta iad agus ní ligtear dóibh teacht ar ais ansin. chuir siad an ruaig air as an seomra Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...