Similar words :

roimh

 cmu Usage NoteNóta Úsáide
prepositionréamhfhocal Bíonn séimhiú ar an bhfocal a thagann i ndiaidh an réamhfhocail roimh. Féach an nóta úsáide chun eolas a fháil maidir leis an struchtúr roimh + an t-alt uatha + ainmfhocal (+ aidiacht).The word after the preposition roimh is lenited. See the usage note for information on the roimh + singular article + noun (+ adjective) structure. 1. Má tharlaíonn rud éigin roimh am, dáta nó imeacht ar leith, tarlaíonn sé níos luaithe ná an t-am, dáta nó imeacht sin. beidh mé ar ais roimh a dó beidh a fhios acu roimh an Aoine bhí an obair críochnaithe seachtain roimh an Nollaig an lá roimh an turas mí roimh gach cruinniú díreach roimh an gcluiche roimh an gCéad Chogadh Domhanda roimh theacht na Normannach le hainmfhocal agus aidiacht, gan an t-alt roimh chruinniú míosúil roimh chomhdháil bhliantúil le hainmfhocal agus aidiacht, leis an alt roimh an gcruinniú míosúil / roimh an chruinniú mhíosúil roimh an gcomhdháil bhliantúil / roimh an chomhdháil bhliantúil roimh an seisiún fada / roimh an tseisiún fhada roimh an tseachtain ghnóthach 2. Má tharlaíonn nó má dhéantar rud amháin roimh rud eile a dhéanamh, tarlaíonn nó déantar an chéad rud sula dtarlaíonn nó sula ndéantar an rud eile. múch na soilse roimh dhul a luí beidh sé imithe ar scor roimh fhoilsiú na tuarascála leis an réamhfhocal 'do' chun ainmní an bhriathair a léiriú ghlaodh sé orm gach lá roimh dhul abhaile dó ar léigh tú an conradh roimh shíniú duit? bhí clú uirthi roimh theacht anseo di bhíodh sí ina suí roimh imeacht dúinn gach maidin 3. Má tá rud éigin ar nós turais, taisc nó céim dá saol roimh dhuine, beidh ar an duine sin aghaidh a thabhairt ar an rud sin nó maireachtáil tríd sa todhchaí. bhí a fhios againn go mbeadh cúpla seachtain chrua romhainn tá sé uilig romhat! tá a saol rompu tá go leor le déanamh sna míonna atá romhainn 4. Is ionann na daoine, glúnta, srl, roimh dhuine ar leith agus sinsir, gaolta nó muintir an duine sin a mhair rompu. na glúnta romhainn bhí an cheird chéanna ag a muintir roimpi 5. Má bhíonn tú roimh dhuine nó roimh rud áit éigin, bíonn tú ag fanacht nó ag súil leo ansin. bhí mo dheartháir romham ag an stáisiún bhí slua mór rompu nuair a shroich siad an halla 6. Má tá duine nó rud éigin roimh dhuine nó roimh rud eile, tá an chéad duine nó rud os comhair an duine nó an ruda eile. an radharc álainn a bhí romham sheas an maor rompu léim fia amach romhainn ithim cibé bia a chuirtear romham 7. Má tá tú roimh rud nó roimh dhuine eile i líne nó ag dul i dtreo ar leith, tá tú chun tosaigh orthu sa treo ina bhfuil sibh go léir ag dul. chonaic mé duine éigin ag siúl romham níl ach triúr reathaithe eile roimpi bhí siad romhainn sa scuaine 8. Má tá rud éigin roimh áit nó roimh ionad, níl sé chomh fada ar aghaidh leis an áit nó leis an ionad sin. an teach deiridh roimh an gcrosbhóthar an leathanach roimhe sin PhrasesNathanna roimhe sin 1. adverbial phrasefrása dobhriatharthaNíos luaithe ná am ar leith nó níos luaithe ná an rud a bheadh i gceist ag am ar leith ní raibh siad feicthe riamh roimhe sin aige cúig seachtaine roimhe sin beidh sé críochnaithe aici i bhfad roimhe sin roimhe sin, bhí triúr acu ann beidh deireadh déanta faoi Nollaig nó fiú roimhe sin 2. adjectival phrasefrása aidiachtachIs ionann an ceann roimhe sin agus an ceann díreach roimh an gceann nó roimh an rud a bhfuil tú ag caint orthu. bhuail mé leis an lá roimhe sin i lár na bliana roimhe sin b'fhearr liom an ceann roimhe sin an t-úinéir roimhe sin roimhe seo 1. adverbial phrasefrása dobhriatharthaNíos luaithe ná an t-am i láthair nó níos luaithe ná an rud atá i gceist faoi láthair an ndearna aon duine agaibh léim bhuinsí roimhe seo? níor thuig mé sin roimhe seo an raibh tú riamh i gCeatharlach roimhe seo? roimhe seo, is thar lear a bhí siad lonnaithe 2. adjectival phrasefrása aidiachtachIs ionann an ceann roimhe seo agus an ceann díreach roimh an gceann nó roimh an rud atá i gceist faoi láthair. bhí mé ann an dá uair roimhe seo tá an struchtúr reatha i bhfad níos fearr ná an ceann roimhe seo roimh i bhfad adverbial phrasefrása dobhriatharthaMá deir tú go dtarlóidh nó gur tharla rud éigin roimh i bhfad, tá tú ag rá go dtarlóidh nó gur tharla sé go luath nó taobh istigh de thréimhse ghairid. beimid ansin roimh i bhfad agus roimh i bhfad, bhí gach duine á dhéanamh
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...